Psailm 51 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 51. Miserere mei, Deus. 1 Bí trócaireaċ dom, a Ḋia, de réir do ṁórṁaiṫeasa: de réir méid do ṫrócaire, scrios amaċ mo ċionta. 2 Niġ mé ar fad óm urċóid: agus glan mo ṗeaca díom. 3 Óir adṁaím mo loċta: agus bíonn mo ṗeaca de ṡíor os mo ċoinne. 4 Is i dʼaġaiḋse aṁáin a ṗeacaiġ mé, agus a rinne mé an ní is olc i do ṡúile: ar ṁoḋ go mbʼḟíréanta do ḃriaṫar, agus naċ mbeaḋ smúid ar do ḃreiṫiúnas. 5 Féaċ, is in urċóid a dealḃaíoḋ mé: is i bpeaca a ġaḃ mo ṁáṫair ina broinn mé. 6 Aċ naċ n‑iarrann tú an ḟírinne sa ċroí istiġ: agus naċ múinfiḋ tú eagna dom os íseal! 7 Sciúrfaiḋ tú le niosóp mé, agus is glan a ḃeas mé: nífiḋ tú mé, agus beiḋ mé níos gile ná an sneaċta. 8 Cuirfiḋ tú dea‑scéal áṫais agus lúċáire ċugam: ionas go mbeiḋ gairdeas ar na cnáṁa atá briste agat. 9 Tiontaiġ do ġnúis ó mo ṗeacaí: agus scrios amaċ mo ṁíġníoṁarṫa uile. 10 Cruṫaiġ croí glan ionam, a Ḋia: agus cuir sprid ċeart ionam as an nua. 11 Ná díbir ó do láṫair mé: agus ná tóg do naoṁspiorad uaim. 12 Taḃair do ċaḃair arís mar ṡólás dom: agus neartaiġ le do spiorad saor mé. 13 Múinfiḋ mé do ṡlite do luċt an oilc agus iompófar na peacaiġ ċugat. 14 Fuascail mé ó ċoir na fola, a Ḋia, ós tú Dia mo ṡlánaiṫe: agus canfaiḋ mo ṫeanga dʼḟíréantaċt. 15 Osclóiḋ tú mo ḃeola, a Ṫiarna: agus foilseoiḋ mo ḃéal do ṁolaḋsa. 16 Óir ní iarrann tú aon tsaicrifís, dá n‑iarrtá ṫaḃarfainn duit í: aċ ní ḃíonn dúil agat in íobairtí loiscṫe. 17 Sprid ḃuarṫa is ea íobairt Dé: croí briste coṁḃrúite, a Ḋia, ní beag do ḃeann air. 18 Bí caradaċ fialṁar le Síón déan ballaí Iarúsalem a ṫógáil. 19 Is san uair sin a ġlacfaiḋ tú go fonnṁar le híobairtí na fíréantaċta, idir íobairtí loiscṫe agus toirḃirtí: agus san uair sin beiḋ na daiṁ óga á n‑ofráil ar dʼaltóir. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland