Psailm 50 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 50. Deus deorum. 1 Laḃair an Tiarna, Laḃair Dia na gcuṁaċt: agus ġlaoiġ sé ar an doṁan, ó éirí go dul faoi na gréine. 2 Noċt Dia amaċ as Síón: is é an áilleaċt féin é. 3 Tiocfaiḋ ár nDia, agus ní ḟanfaiḋ sé ina ṫost: raċaiḋ tine ċraos‑slogṫaċ roiṁe, tógfar mórḋoineann ġaoiṫe ina ṫimpeall 4 Glaofaiḋ sé anuas ar neaṁ: agus ar talaṁ, go dtuga sé breiṫiúnas ar a ṁuintir. 5 Cruinnígí le ċéile ċugam mo naoiṁ: an dream a rinne conraḋ liom le híobairt. 6 Agus foilseoiḋ na ncaṁa a ḟíréantaċt: óir is é Dia féin is breiṫeaṁ. 7 Éisteaḋ mo ṁuintir liom, agus laḃróiḋ mé: taḃarfaiḋ mé féin fianaise id éadan, a Iosrael; ós mé Dia, do Ḋia féin. 8 Ní ḃfaiġiḋ mé loċt ort de ḃarr dʼíobarṫa: más ag tráċt ar íobarṫa loiscṫe é, bíd de ṡíor os mo ċoinne. 9 Ní Ġlacfaiḋ mé bullán as do ṫeaċ: ná pocán gaḃair as do ḃanraċa. 10 Óir is liom beiṫíġ uile na coille: agus is liom an t‑eallaċ ar ṁíle cnoc. 11 Tá aiṫne agam ar éanlaiṫ uile na sléiḃte: tá beiṫíġ allta an ṁaċaire ar mʼaṁarc. 12 Má ḃíonn ocras orm, ní duit a inseod é: ós liom an ċruinne, aʼs a ḃfuil inti. 13 An measann tú go n‑íosfaiḋ mise feoil tarḃ: agus go n‑ólfadsa fuil gaḃar? 14 Go mba é an buíoċas dʼofráil do Ḋia: coṁall do ṁóideanna don Té is Airde. 15 Agus glaoiġ orm in am an ḃuarṫa: is aṁlaiḋ beiḋ mise do dʼéisteaċt, agus beiḋ tú do mo ṁolaḋ. 16 Aċ is é deir Dia le fear an oilc: cad ċuige a mbíonn tú ag seanmóiriú mo ḋlíṫe, agus cad ċuige a nglacann tú mo ċonraḋ i do ḃéal; 17 Cé gur fuaṫ leat do ċur ar ḃealaċ do leasa: agus go dtug tú droim do láiṁe do mo ḃriaṫra? 18 Nuair a ċonaic tú gadaí, ċuaiġ tú i gcoṁar leis: agus ḃí tú páirteaċ le luċt an aḋaltranais. 19 Ligteá do do ḃéal an t‑olc a rá: agus ċuireaḋ do ṫeanga na bréaga in iúl. 20 Ḃíteá i do ṡuí, agus laḃartá in aġaiḋ do ḋearṫár: sea, agus ḋéantá iṫiomrá ar ṁac do ṁáṫar. 21 Rinne tú aṁlaiḋ, agus dʼḟan mise i mo ṫost, agus ṫug an urċóid ort a smaoineaṁ, naċ ḃfuil ionamsa aċ do leiṫéid eile: aċ taḃarfaiḋ mise aċasán duit, agus noċtfaiḋ mé duit a ḃfuil déanta agat. 22 Dearcaigí air seo, a luċt dearmadta Dé: ar eagla go gcuirfinn den saol siḃ, agus gan an té ann a ḟuasclóḋ siḃ. 23 An té a ṫugann buíoċas agus molaḋ dom, is é a ḋéanann mʼonórú: agus an té a ċaiṫeas a ṡaol mar is ceart, taispeánfaiḋ mé slánú Dé dó. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland