Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 5 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 5. Verba mea auribus.

1 Meáiġ mo ḃriaṫra, a Ṫiarna: taḃair aire do mo ṁaċnaṁ.

2 Éisteaḋ mo Rí agus mo Ḋia le fuaim mo scairte: óir is ċugat a ḃead ag guí.

3 Beiḋ mo ġlór á ċluinstin agat go luaṫ, a Ṫiarna: ar moċ maidine cuirfiḋ mé mʼurnaí ċugat, ag aṁarc suas.

4 Óir ní Dia tú a mbíonn dúil agat in urċóid: ní ċónóiḋ aon olc i do ṫeaċ.

5 Ní ṡeasfaiḋ an drong amaideaċ os coinne do ṡúl: óir is fuaṫ leat luċt cleaċtaiṫe an díoṁaointis.

6 Scriosfaiḋ tú luċt laḃarṫa na mbréag: beiḋ gráin ag an Tiarna ar an duine fuilteaċ agus ar an duine fealltaċ araon.

7 Aċ tiocfaiḋ mise isteaċ i do ṫeaċ, ag dul i muinín méid do ṫrócaire: is faoi dʼeagla a ḃeiḋ mé ag aḋraḋ i dtreo do ṫeampaill naofa.

8 Treoraiġ mé, a Ṫiarna, id ḟíréantaċt, de ḃrí mo naiṁde: réitiġ do ḃealaċsa roṁam.

9 Óir níl a mbéal iontaofa: is í an éagóir féin a gcroí istiġ.

10 Is uaiġ oscailte a gcraos siúd: bíonn a dteanga ag cur cluana.

11 Taḃair breiṫ orṫu, a Ṫiarna; tugaḋ a mbearta féin a mbás: caiṫ amaċ iad in ionad a gcoireanna; óir is ort a dʼéiríodar i dtréas.

12 Agus bíoḋ lúċáir ar an dream uile a ċuireas a muinín ionat: beiḋ siad ag taḃairt buíoċais de ṡíor, de ḃrí go mbíonn tú á gcosaint; beiḋ tú mar ċúis áṫais ag luċt gráite dʼAinm;

13 Óir taḃarfaiḋ tú, a Ṫiarna, do ḃeannaċt don ḟíréan: agus beiḋ do ċarṫanaċt ċineálta mar sciaṫ cosanta aige.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ