Psailm 49 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 49. Audite haec, omnes. 1 Éistigí leis seo, a ḋaoine uile: tugaigí cluas ġéar dó, a luċt áitiṫe na cruinne. 2 Uasal agus íseal, boċt agus saiḃir: gaċ duine le ċéile. 3 Laḃróiḋ mo ḃéal ar eagna: agus beiḋ mo ċroí ag smaoineaṁ ar ṫuiscint. 4 Claonfaiḋ mé mo ċluas leis an ḃfáiṫscéal: noċtfaiḋ mé rúndiaṁair leis an gcláirscaċ. 5 Cad ċuige a mbeaḋ eagla orm i laeṫanta an oilc: nuair a ḃíos an urċóid ar mo ṡála do mo ṫimpeallú? 6 Tá dream ann a ṫéas i muinín a maoine: agus a ṁaíos as méid a saiḃris. 7 Aċ ní féidir le duine a ḃráṫair a ḟuascailt: ná teaċt ar ṁargaḋ ar a ṡon le Dia. 8 Ós daoire ná sin a ceannaíoḋ a n‑anamaċa: ar ṁoḋ go gcaiṫfiḋ sé éirí as go deo; 9 Siúd aʼs go mairfeaḋ sé i ḃfad: agus naċ ḃfeicfcaḋ sé an uaiġ. 10 Óir feiceann sé go n‑éagann na saoiṫe fós, agus go dtéann siad ar fad ar neaṁní: mar aon leis na daoiṫe agus na hamadáin, agus go ḃfágann siad a maoin do ḋaoine eile. 11 Agus measann siad ina ḋiaiḋ sin go ḃfanfaiḋ a dtiṫe go deo, agus go mairfiḋ a gcónaiṫe ó ġlúin go ċéile: agus gaireann siad a n‑ainmneaċa ar na tíorṫa. 12 Aċ siúd aʼs go ḃfaiġeann an duine clú, ní buan é: ós féidir a ċur i gcosúlaċt leis na nainṁiṫe a ṫéas ar neaṁní. 13 Is í an amaidí féin a slí siúd: cé go molann a slioċt a gcaint. 14 Luíonn siad in ifreann mar ċaoiriġ, is é an bás a n‑aoire, agus beiḋ an réim ag na fíréin orṫu ar maidin: beiḋ a maise á cloí sa tuama, agus ní ḃeiḋ sí buan. 15 Aċ tá mʼanam fuascailte ag Dia ó ċuṁaċt ifrinn: óir glacfaiḋ sé ċuige mé. 16 Ná bíoḋ eagla ort, má éiríonn duine saiḃir: nó má ṁéadaítear glóir a ṫí. 17 Óir ní ṫaḃarfaiḋ sé aon ní leis nuair a ġeoḃaiḋ sé bás: ná ní leanfaiḋ a ṁórċúis dó. 18 Óir ċoṁ fada agus ṁair sé, ṁeas sé é féin ina ḟear áṁar: agus ċoṁ fada agus bíonn tú mar is maiṫ leat féin, beiḋ an saol do do ṁolaḋ. 19 Leanfaiḋ sé do ġlúin a ṡinsir: ní ḟeicfiḋ sé an solas ċoíċe. 20 An duine a ḟaiġeann clú agus atá gan tuiscint: cuirtear i gcosúlaċt é leis na nainṁiṫe a ṫéas ar neaṁní. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland