Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 48 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 48. Magnus Dominus.

1 Móraítear an Tiarna agus moltar go hard é: i gcaṫair ár nDé, agus ar a ċnoc naofa féin.

2 Áit álainn cnoc Ṡíóin, aoiḃneas an talaiṁ uile: ar an taoḃ ó ṫuaiḋ atá suí caṫraċ an Ardrí; tá a ḋea‑ḟios acu ina cúirteanna go ḃfuil Dia ina ḋídean ḋaingin.

3 Óir bʼṡiúd ríṫe an talaiṁ: ag slógaḋ, agus ag siúl ṫarainn le ċéile.

4 Ċuir a ḃfacadar iontas orṫu: ṫáinig toċt orṫu, agus cuireaḋ ar lár go tobann iad.

5 Ṫáinig eagla orṫu, agus ṫáinig brón: mar ṫagann ar ḃean in aistear ċlainne.

6 Bíonn loingis na farraige agat á mbriseaḋ leis an ngaoṫ a noir.

7 Mar ċualamar, is aṁlaiḋ a ċonaiceamar i gcaṫair Tiarna na slua, i gcaṫair ár nDé: a mbíonn Dia á cosaint go deo.

8 Táimid ag fanaċt le carṫanaċt ġráṁar uait, a Ṫiarna: i gceartlár do ṫeampaill.

9 A Ḋia, mar is dual do dʼAinm, bítear do do ṁolaḋ go deireaḋ an doṁain: is lán do láṁ ḋeas den ḟíréantaċt.

10 Bíoḋ lúċáir ar Ċnoc Ṡíóin, agus áṫas ar in íonaċa Iúda: de ḃarr do ḃreiṫiúnais.

11 Siúlaigí faoi Ṡíón, agus timpeallaígí í: agus coṁairigí a túir.

12 Taḃair beann ar a baḃúin cosanta, agus taḃair aire ar a tiṫe: go n‑insí siḃ don ġlúin a ṫiocfas.

13 Óir is é ár nDia le saol na saol an Dia sin: is é an treoraí a ḃeas againn go bás.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ