Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 47 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 47. Omnes gentes, plaudite.

1 Buailigí ḃur mbosa faoi ċéile, a ċiníoċa uile: agus canaigí go binnġlóraċ do Ḋia.

2 Óir is ard ineaglaiṫe é an Tiarna: is é an Rí mór é atá os cionn na cruinne.

3 Cuirfiḋ sé na ciníoċa faoinár smaċt: agus na náisiúin faoinár gcosa.

4 Toġfaiḋ sé oiḋreaċt dúinn: a mbeiḋ an feaḃas uirṫi is dual do Iácób dá dtug sé grá.

5 Ċuaiġ Dia suas le glórṫa gairdis: ċuaiġ an Tiarna suas le séideaḋ an stoic.

6 Seinnigí molaḋ, seinnigí molaḋ ár nDé‑ne: seinnigí molaḋ, seinnigí molaḋ ár Rí.

7 Óir is é Dia Rí na cruinne uile: seinnigí a ṁolaḋ go healaíonta.

8 Tá Dia ina rí os cionn na bpágánaċ: tá Dia ina ṡuí ar a ċaṫaoir naofa.

9 Tá ceann urraí na gciníoċa agus muintir Dé Abraċaim ag cur le ċéile: óir bíonn Dia, atá ard oirirc, ag cosaint an talaiṁ, mar a ḃeaḋ le sciaṫ.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ