Psailm 46 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 46. Deus noster refugium. 1 Is é Dia ár ndóċas agus ár neart: is giorra dúinn a ċaḃair inár mbuaireaṁ. 2 Ní ḃeiḋ eagla orainn mar sin, siúd is go gcraitear an talaṁ: agus go gcartar na cnoic amaċ i lár na farraige. 3 Siúd is go mbíonn a tonnta ar mire agat: agus go mbaintear criṫ as na sléiḃte leis an ndoineann. 4 Tá aḃainn ann, a mbíonn a sruṫanna ag cur aoiḃnis ar ċaṫair Ḋé: ionad naofa pailliúin an Té is Airde. 5 Bíonn Dia ina measc, agus ní ḃogfar í dá ḃrí sin: tiocfaiḋ Dia ċuici le caḃair, agus tiocfaiḋ sé gan ṁoill. 6 Tá mórġleo as na náisiúin, agus tá gluaiseaċt faoi na ríoċta: aċ cluineaḋ Glór Dé, agus coscróiḋ an ċruinne. 7 Tá Tiarna na slua linn: is é Dia Iácóib ár ndídean. 8 Tagaigí ċugainne, go ḃfeice siḃ oibreaċa an Tiarna: an scrios a ṫug sé ṫar an talaṁ. 9 Tá sé ag cur críċe le cogaí ar fuaid an doṁain: tá sé ag briseaḋ an ḃoġa, agus ag déanaṁ ḋá leaṫ den tsleá, agus ag dó na gcarbad sa tine. 10 Tostaigí mar sin, aċ aiṫnígí gur mé is Dia ann: beiḋ mé dom ardú i measc na náisiún, agus beiḋ mé dom ardú ar an talaṁ. 11 Tá Tiarna na slua linn: is é Dia Iácóib ár ndídean. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland