Psailm 45 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 45. Eructavit cor meum. 1 Tá mo ċroí ag deaċtú dom ar ḋea-áḃar: táim ag aiṫris na ndréaċt a ċum mé don rí. 2 Is cleite mo ṫeanga: i nglac scríḃneora ċliste. 3 Tá áille agat atá ṫar áille Ṡíl Áḋaiṁ: is lán de ġnaoi do ḃeola, de ḃrí gur ḃeannaiġ Dia go deo ṫú. 4 Croċ do ċlaíoṁ ar do ṡliasaid, a rílaoiċ: mar is dual do do ċlú agus do do ċáil. 5 Bí áḋúil mar tá tú onóraiṫe: tiomáin roṁat, as uċt briaṫair na fírinne agus na ceansaċta agus na fíréantaċta; agus beiḋ do láṁ ḋeas ag múineaḋ gníoṁarṫa creaṫnaċa duit. 6 Is géar atá do ṡaiġeada i gcroíṫe naiṁde an rí: agus cuirfear na daoine faoi do smaċt. 7 Is buan go bráċ do ċaṫaoir, a Ḋia: is slat ċirt í slat do ríoċta. 8 Ṫug tú grá don ḟíréantaċt, agus fuaṫ don éagóir: dá ḃarr sin dʼung Dia, do Dia féin, tú le hola an aoiḃnis de roġain ṫar laoċra eile. 9 Is cuṁra dʼéadaí uile le miorr agus le fóifíonaċ agus le cassia: a ṫáinig as na cúirteanna eaḃra dob áḃar do do ṡó. 10 Bíonn iníonaċa rí ar do ṁná uaisle: ar do láiṁ ḋeas tá an ḃanríon i ngúna órṡnáiṫe, a ḃfuil obair ildaite faoi. 11 Éist, a iníon, agus taḃair aire, agus claon do ċluas: dearmad do ṁuintir féin, agus teaġlaċ dʼaṫar. 12 Is aṁlaiḋ a ṫaitneoiḋ dʼáilleaċt leis an rí: óir is é do Ṫiarna é, agus uṁlaiġ dó. 13 Beiḋ iníon Tiorra ansin le taḃartas: agus beiḋ na fir ṡaiḃre fós ar na daoine ag cur a n‑aċainíoċa i do láṫair. 14 Tá iníon an rí ar aon ḃarr dealraiṫe istiġ sa ċúirt: níl ina héadaí aċ ór fite. 15 Taḃarfar faoi ḋéin an rí í in éadaí gréas‑oibre: beiḋ na maiġdeana a ḃíos léi ina coiṁdeaċt, agus taḃarfar ċugat iad. 16 Beiḋ siad á gcomóraḋ go lú ċáireaċ áṫasaċ: ag dul isteaċ i gcúirt an rí. 17 Beiḋ clann agat in ionad dʼaiṫreaċa: féadfaiḋ tú ríṫe a ḋéanaṁ díoḃ ar fuaid na dtíorṫa. 18 Beiḋ mé ag cur dʼainm i gcuiṁne ó ġlúin go ċéile: is aṁlaiḋ a ḃeiḋ na ciníoċa ag taḃairt buíoċais duit, saol gan ċríċ. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland