Psailm 44 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 44. Deus, auribus. 1 Is iad ár gcluasa féin a ċuala é, a Ḋia, dʼinis ár n‑aiṫreaċa dúinn é: cad é a rinne tú lena linn fadó; 2 Conas a ċaiṫ tú amaċ na págánaiġ le do láiṁ, agus a ċuir tú iadsan isteaċ: conas a ċuir tú ár ar na náisiúin, agus a ċuir tú bláṫ orṫu san. 3 Óir níorḃ é a gclaíoṁ féin a ḃain amaċ seilḃ na tíre: ná níorḃ í a láṁ féin a ċuidiġ leo; 4 Aċ ba í do láṁ ḋeas, agus do ġéag, agus solas do ġnúise: de ḃrí go raiḃ gean agat orṫu. 5 Is tú mo Rí, a Ḋia: cuir caḃair ċuig Iácób. 6 Is tríotsa a ċuirfimid ár naiṁde ar lár: agus is id Ainm a ċuirfimid faoinár gcosa an dream a éireos inár n‑éadan. 7 Óir ní has mo ḃoġa atá mo ṁuinín: ní hé mo ċlaíoṁ a ċuideos liom. 8 Aċ is tú a ṡlánaíos sinn ónár naiṁde: agus a ċuireas aiféala ar luċt ár ḃfuaṫa. 9 Beimid ag maíoṁ as Dia dá mbʼḟada an lá: agus molfaimid dʼAinm go deo. 10 Aċ anois fanann tú i ḃfad uainn, agus cuireann tú aiféala orainn: agus ní ṫéann tú amaċ lenár sluaite. 11 Tugann tú orainn ár gcúl a ṫiontú lenár naiṁde: go mbíonn luċt ár ḃfuaṫa ár gcreaċaḋ. 12 Ligeann tú dúinn ḃeiṫ dʼár n‑iṫe mar ċaoiriġ: agus táimid scaipṫe agat i measc na bpágánaċ. 13 Díolann tú do ṁuintir in aisce: agus ní iarrann tú aon airgead orṫu. 14 Déanann tú aċasán dínn dár gcoṁarsana: cúis ġáire agus fonóide dá ḃfuil inár dtimpeall. 15 Déanann tú seanḟocal dínn i measc na bpágánaċ: go gcraiṫeann na daoine a gcinn orainn. 16 Bíonn an aiféala os mo ċoinne gaċ lá: agus mʼaġaiḋ ar fad dearg leis an náire; 17 Ar son glóir luċt an scannail agus an ṁasla: de ḃarr an naṁad agus an duine ḋíoltasaiġ. 18 Agus tar éis ar ṫáinig orainn, ní ḋéanaimid dearmad ort: ná ní ḃímid claon inár n‑iompar i do ċonraḋ. 19 Ní ḋeaċaiġ ár gcroí ar gcúl: ná níor ḟág ár gcois céim do ṡlí. 20 Ní haṁlaiḋ, siúd is gur ḃuail tú roṁat go hionad na ndragún sinn: agus gur ċuṁdaiġ tú sinn le scáil an ḃáis. 21 Má rinneamar dearmad de Ainm ár nDé, nó má ṫógamar ár láṁa do Ḋia ċoiṁṫíoċ: naċ ḃfaiġiḋ Dia a ḟios? Ós feasaċ dó na smaointe is uaigní sa ċroí. 22 Is ar do ṡon a ḋéantar ár orainn ar feaḋ an lae: agus a ṁeastar sinn mar ċaoiriġ atá le dul ċun an ḃroiṫí. 23 Éiriġ suas, a Ṫiarna, cad é an codlaḋ sin ort: dúisiġ, agus ná fan uainn de ṡíor. 24 Cad ċuige a gceileann tú do ġnúis: agus ar ḋearmad leat ár mbrón agus ár mbuaireaṁ? 25 Óir is íseal a tugaḋ ár n‑anam, ċun luí sna luaiṫe féin: agus bíonn ár mbolg sínte ar an talaṁ. 26 Éiriġ, agus fóir orainn: agus fuascail sinn as uċt do ṫrócaire. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland