Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 43 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 43. Judica me, Deus.

1 Taḃair saorḃreiṫ orm, a Ḋia, agus pléiġ mo ċúis in aġaiḋ na ndaoine míċráifeaċa: fuascail mé ón ḃfear fealltaċ urċóideaċ.

2 Óir is tú Dia mo ċuṁaċta; cad ċuige ar ċuir tú uait mé: cad ċuige dom imeaċt faoi ṫuirse, ó ḋian smaċt an naṁad?

3 Cuir faoi mo ḋéin do ṡolas agus dʼḟírinne, go dtreoraí siad mé: agus go dtuga siad mé ċun do naoṁċnoic agus ċun dʼárais;

4 Agus go dté mé faoi ḋéin altóra Dé, ċuig Dia is cúis aoiḃnis agus gairdis dom: agus altóiḋ mé duit é ar an gcláirseaċ, a Ḋia, mo Ḋia.

5 Cad í an tuirse seo ort, a ṁʼanam: agus cad ċuige duit ḃeiṫ ċoṁ buarṫa sin i mo lár?

6 Bíoḋ dóċas as Dia agat: óir taḃarfaiḋ mé buíoċas dó go fóill, ós é cuidiú mo ġnúise agus mo Ḋia é.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ