Psailm 42 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 42. Quemadmodum. 1 Mar is mian leis an ḃfia tarraingt ar na toibreaċa fíoruisce: is aṁlaiḋ bíonn mʼanam do do ṡantú, a Ḋia. 2 Tá tart Dé, tart an Dé ḃí, ar mʼanam: ca ḟad go dtiocfaiḋ mé agus go ḃfeicfear mé i láṫair Dé? 3 Ba iad mo ḋeora ba ḃia dom lá aʼs oíċe: agus iad á rá liom gaċ lá, anois cá ḃfuil an Dia sin agat? 4 Nuair a ḃím ar na smaointe sin, ligim le raċt mo ċroí im aonar: óir ṫéinn leis an slua, agus ṫug mé iad isteaċ i dteaċ Dé; 5 Le hardḟuaim an ṁolta agus an altaiṫe: i measc an dreama ḃíos ag comóraḋ féile. 6 Cad í an tuirse seo ort, a ṁʼanam: cad é an mórḃuaireaṁ seo ort i mo lár? 7 Bíoḋ dóċas as Dia agat: óir taḃarfaiḋ mé buíoċas dó go fóill ar son caḃraċ a ġnúise. 8 A Ḋia liom, tá buaireaṁ ar an anam atá i mo lár: dá ḃrí sin beiḋ mé ag cuiṁneaṁ ort ó Ṫír Iornáin, ó Hermon agus ón gcnocán. 9 Bíonn na doiṁneaċta ag glaoċ ar a ċéile, as tormán do ṫuilte: ċuaiġ do ṫonnta agus do ḋoineanna uile os mo ċionn. 10 Beiḋ an Tiarna ag deonú a ċarṫanaċta gráṁaire dom sa lá: agus san oíċe fós beiḋ mé ag canaḋ dó, agus ag guí Dé mo ḃeaṫa. 11 Déarfaiḋ mé le Dia mo ċuṁaċta, cad ċuige a ndearna tú dearmad orm: cad ċuige dom imeaċt faoi ṫuirse, ó ḋian smaċt an naṁad? 12 Mar ḃuille claíṁ ag coscairt mo ċnáṁ: bíonn mo naiṁde a ḃíos do mo buaireaṁ á ċaiṫeaṁ suas liom; 13 Mar tá, bíonn siad á rá liom gaċ lá: cá ḃfuil do Ḋia‑sa anois? 14 Cad í an tuirse seo ort, a ṁʼanam: cad ċuige duit ḃeiṫ ċoṁ buarṫa sin i mo lár? 15 Bíoḋ dóċas as Dia agat: óir taḃarfaiḋ mé buíoċas dó go fóill, ós é cuidiú mo ġnúise agus mo Ḋia é. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland