Psailm 41 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 41. Beatus qui intelligit. 1 Is beannaiṫe an té a ṫuigeas cás an ḃoiċt agus an dearóla: fuasclóiḋ an Tiarna é i lá an ḃuarṫa. 2 Bíoḋ an Tiarna á ċuṁdaċ, agus á ċoinneáil beo, go mbí sé beannaiṫe ar talaṁ: agus ná scaoil é do ṫoil a naṁad. 3 Bíoḋ an Tiarna ag neartú leis, agus é i dtinneas leapa: go mba tú a ċóireos a leaba in am a ṫinnis. 4 Is é a dúirt mé, bí trócaireaċ dom, a Ṫiarna: slánaiġ mʼanam, óir ṗeacaiġ mé id éadan. 5 Bíonn mo naiṁde ag tuaraḋ tubaiste: ca ḟad go n‑éaga sé agus go mbáitear a ainm? 6 Agus má ṫagann sé dom ḟéaċaint, bíonn an díoṁaointeas á rá aige: agus cumann a ċroí istiġ bréaga leis féin, agus sceiṫeann sé é nuair a imíonn sé. 7 Bíonn mo naiṁde uile ag cogarnaċ le ċéile im aġaiḋ: is im aġaiḋse a ċumas siad an t‑olc féin. 8 Tá droċaicíd, deir siad, ag greamú dó: agus ó tá sé ina luí ní éireoiḋ sé ċoíċe. 9 Agus mo ḋlúṫċara féin, ar ṫaoḃ mé leis: agus a dʼiṫeaḋ mʼarán, rinne sé luíoċán go mór orm. 10 Aċ bí tusa trócaireaċ dom, a Ṫiarna: tóg suas arís mé, agus bainfiḋ mé cúiteaṁ astu. 11 Is air seo a aiṫneoiḋ mé go ḃfuil tú go maiṫ dom: nuair naċ ligeann tú do mo naiṁde a mbua a ṁaíoṁ orm. 12 Agus de ḃarr mo neaṁċoirṫeaċta cuireann tú taca liom: agus cuirfiḋ tú os coinne do ġnúise mé go deo. 13 Go mbeannaítear don Tiarna Dia Iosrael: saol gan ċríċ. Áiméan. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland