Psailm 40 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 40. Expectans expectavi. 1 Dʼḟan mé go foiġneaċ leis an Tiarna: agus ċlaon sé ċugam, agus ċuala sé mo ġlaoċ. 2 Agus ṫug sé aníos mé as poll an uafáis, as an lábán agus an dóib: agus ċuir sé mo ċosa ina seasaṁ ar an gcarraig, agus rialaiġ sé mo imeaċta. 3 Agus tá aṁrán úrnua curṫa i mo ḃéal aige: mar atá altú dár nDia. 4 Is iomaí duine a ḟeicfeas é, agus a ġlacfas eagla: agus a ċuirfeas a ṁuinín sa Tiarna. 5 Is beannaiṫe an fear a mbíonn a ḋóċas as Dia: agus nár ċloíġ le drong an díomais, agus le luċt leanúna na mbréag. 6 Mo Ṫiarna Dia, is mór na fearta a rinne tú, ní lú do smaointe orainne: agus ní ḃíonn aon duine á gcur i do ċeann. 7 Dá n‑insínn iad, agus dá ndéanainn tráċt orṫu: ṡáróidís mo ċumas laḃarṫa. 8 Níor ṫoiliġ tú íobairt ná toirḃirt: aċ dʼoscail tú mo ċluasa. 9 Níor iarr tú íobairt loiscṫe ná íobairt ṗeaca: ba ansin a dúirt mé, siúd ag teaċt mé. 10 Ar ṗár an leaḃair atá breacṫa i mo ṫaoḃ, go ḃfuil orm do ṫoil a ċoṁlíonaḋ, a Ḋia liom: táim sásta a ḋéanaṁ; tá do ḋlí i mo ċroí istiġ. 11 Dʼḟoilsiġ mé dʼḟíréantaċt sa ṁórċruinniú: féaċ, ní ċoinneoiḋ mé mo ḃéal ina ṫost, agus tá a ḟios agat é, a Ṫiarna. 12 Níor ċeil mé dʼḟíréantaċt i mo ċroí istiġ: aċ laḃair mé ar dʼḟírinne agus ar do ṡlánú. 13 Níor ċoinniġ mé siar do ṫrócaire ġráṁar ná dʼḟírinne: ón mórċruinniú. 14 Ná coinniġ do ṫrócaire uaim, a Ṫiarna: bíoḋ do ċarṫanaċt ġráṁar agus dʼḟírinne do mo ċuṁdaċ i gcónaí. 15 Óir ṫimpeallaiġ buarṫa gan áireaṁ mé; fuair mo ṗeacaí greim orm ionas naċ ḃféadaim mo ċeann a ṫógáil: ní lia ribí mo ċinn ná iad, agus cloíoḋ mo ċroí ionam. 16 A Ṫiarna, go mba ṫoil leat mʼḟuascailt: déan deifir, a Ṫiarna, do ċuidiú liom. 17 Bíoḋ náire agus aiféala le ċéile ar an dream atá le mʼanam a ṁilleaḋ: cuirtear ar gcúl iad, agus tugtar aiṫis don dream a mbíonn olc acu dom. 18 Bídís fágṫa, faoina ndíol de náire: an dream a deir liom, mo náire ṫú, mo náire ṫú. 19 Go raiḃ tú féin ag an dream a ḃíos dod iarraiḋ mar ċúis áṫais agus lúċáire: agus abraḋ an dream a ṫug grá do do ṡlánú de ṡíor, Molaḋ leis an Tiarna. 20 Táimse boċt dearóil: aċ ní beag leis an Tiarna mo ċás. 21 Is tú mo ċúntóir agus mʼḟuascailteoir: ná déan mórán moille, a Ḋia liom. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland