Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 39 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 39. Dixi, custodiam.

1 Is é a dúirt mé, beiḋ mé aireaċ faoi mo ṡlite: ionas naċ bpeacaí mé lem ṫeanga.

2 Cuirfiḋ mé mar ḃeaḋ srian le mo ḃéal: ċoṁ fada agus bíonn fear an oilc ar mʼaṁarc.

3 Ċosc mé mo ṫeanga, gan aon ní a rá: dʼḟan mé i mo ṫost, ó na dea‑ḃriaṫra féin, aċ ba é sin fáṫ mo ṗéine agus mo ḃróin.

4 Ṫéiġ an croí ionam, agus nuair a ḃí mé ar na smaointe seo dʼḟadaiġ an tine: agus laḃair mé faoi ḋeoiḋ le mo ṫeanga.

5 A Ṫiarna, taḃair fios feasa mo ċríċe déanaí dom, agus uiṁir mo laeṫanta: go mbí dearḃú agam cad é an fad saoil atá i ndán dom.

6 Féaċ, dʼḟág tú mar ḃeaḋ fad réise i mo laeṫanta; agus níl im aois aċ neaṁní os do ċoṁair: agus i ḃfírinne níl aċ díoṁaoineas in aon duine dá maireann.

7 Óir siúlann an duine ina scáil ḟolaṁ, agus is díoṁaoin a ḃíonn sé á ḃuaireaṁ féin: ag carnaḋ saiḃris, agus gan a ḟios aige cé a ċruinneos é.

8 Agus anois, a Ṫiarna, cá ḃfuil mo ḋóċas: dar mʼḟírinne is ionat féin atá mo ḋóċas.

9 Fuascail mé ó mo ċionta uile: agus ná lig dom ḃeiṫ im aċasán ag na hamadáin.

10 Dʼéiriġ mé balḃ, agus níor oscail mé mo ḃéal: óir ba tú a rinne é.

11 Tóg do ṗlá uaim: táim cloíte ar fad ag trom‑ṁeáċain do láiṁe.

12 Nuair a smaċtaíonn tú an duine le haċasán ar son a ṗeaca, bíonn a ṁaise á cnoí agat, mar éadaċ á iṫe ag leaṁan: níl in aon duine mar sin aċ díoṁaoineas.

13 Éist le mo ġuí, a Ṫiarna, agus tugaḋ do ċluasa éisteaċt do mo ġlaoċ: ná fan i do ṫost faoi mo ḋeora.

14 Óir táim agat i mo ḋeoraí: agus i mo ḋíṫreaḃaċ, mar ḃí mʼaiṫreaċa go léir.

15 Lig dom seal beag, go ḃfille mo ċuṁaċt orm: sula n‑imí mé as seo, agus naċ mbí mé le feiceáil feasta.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ