Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 38 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 38. Domine, ne in furore.

1 Ná taḃair aċasán dom, a Ṫiarna id ḟearg: ná smaċtaiġ mé i dteas do ḋíḃeirge.

2 Óir tá do ṡaiġeada sáite ionam: agus do láṁ anuas orm go trom.

3 Níl aon ḟónaṁ ar mo ċolainn, de ḃrí do ḋíḃeirge: ná ní ḟaiġeann mo ċnáṁa suaiṁneas de ḃarr mo ṗeaca.

4 Óir dʼéiriġ mo ṁíġníoṁarṫa os mo ċionn: agus táid mar ṫrom‑ualaċ, a sáraíonn sé orm a iompar.

5 Tá mo ċneáċa bréan, lofa: de ḃarr mo ḋíċéille.

6 Lena dtáinig orm de ḃrón agus de ḃuaireaṁ: bím ag imeaċt faoi ḋólás dá mbʼḟada an lá.

7 Óir tá mo leasraċa líonta de ḋroċaicíd: agus ní slán aon ḃall de ḃaill mo ċoirp.

8 Táim lag, agus is géar mo ġoin: lig mé béic asam le buaireaṁ mo ċroí.

9 A Ṫiarna, is feasaċ duit mian mo ċroí: agus ní ċeiltear ort na hosnaí a ṫarraingím.

10 Tá mo ċroí ag bualaḋ go tiuḃ, agus táim in easpa ḃrí: agus dallaḋ solas moṡúl.

11 Ṡeas mo ċairde agus mo ċoṁarsana ag aṁarc ar mo ḃuaireaṁ: agus ṡeas mo luċt gaoil i ḃfad uaim.

12 Ḃí fós an dream a raiḃ mʼanam uaṫu ag cur dola roṁam: agus an dream a ḃí le mo ḋoċar ag canaḋ urċóide agus ag beartú feille dá mbʼḟada an lá.

13 Agus ḃí mise mar ḃoḋrán, agus níor ċuala mé iad: agus mar ḃalḃán naċ ḃfosclann a ḃéal.

14 Ḃí mé mar ḟear naċ ḃfuil éisteaċt aige: ná aisḟreagra ina ḃéal.

15 Óir is ionat, a Ṫiarna, a ċuir mé mo ḋóċas: is tú a ḟreagrós ar mo ṡon, mo Ṫiarna Dia.

16 Ba é mʼiarratas naċ maífeaḋ an drong sin mo naiṁde a mbua orm: óir nuair a ṡleaṁnaiġ mo ċos, ċuir sin áṫas mór orṫu im aġaiḋ.

17 Agus, i ḃfírinne, is buan faoin bplá mé: agus bíonn mo ṫuirse de ṡíor faoi mo ṡúil.

18 Óir adṁóiḋ mé mʼurċóid: agus beiḋ brón orm faoi mo ṗeaca.

19 Aċ bíonn mo naiṁde beo bríoṁar: agus is mór méid an dreama a ṫug fuaṫ dom gan fáṫ.

20 Agus an dream a ṫugann an t‑olc in aġaiḋ na maiṫeasa, táid im éadan: de ḃrí go leanaim dá ḃfuil maiṫ.

21 Ná tréig mé, mo Ṫiarna Dia: ná fan i ḃfad uaim.

22 Déan deifir agus cuidiġ liom: a Ṫiarna Dia mo ṡlánaiṫe.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ