Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 37 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 37. Noli aemulari.

1 Ná bí ag cur imní ort féin ar son an droċḋuine: agus ná bí ag éad le luċt an oilc.

2 Óir ní fada go ngearrfar mar ḟéar iad: agus go ḃfeofaiḋ siad mar ḟeonn an luiḃ ġlas.

3 Cuir do ḋóċas sa Tiarna, agus cleaċt dea‑ġníoṁarṫa: fan i do ċónaí sa tír, agus dar mʼḟírinne ġeoḃaiḋ tú do ḃia.

4 Go mba é an Tiarna dʼaoiḃneas: agus taḃarfaiḋ sé ḋuit mian do ċroí.

5 Gaḃ i gcionn do ṡlí faoi ċoimrí an Tiarna, agus cuir do ṁuinín ann: agus cuirfiḋ sé i gcríċ é.

6 Déanfaiḋ sé dʼḟíréantaċt ċoṁ soiléir leis an solas: agus dʼionracas le lár an lae.

7 Tagaḋ ciúnas ort ón Tiarna, agus fan leis go foiġneaċ: agus ná bí ag ceasaċt faoin té a mbíonn an séan ar a ṡlí, faoin duine a ċleaċtas claonċoṁairlí.

8 Éiriġ as dʼḟearg, agus cuir uait an colg: ná cuir imní ort féin, nó má ċuireann, is caṫú ċun oilc duit é.

9 Scriosfar luċt déanta an oilc: agus an dream a ḟanas go foiġneaċ leis an Tiarna, is orṫu a ṫitfiḋ oiḋreaċt na tíre.

10 Tamall beag eile, agus beiḋ fear an oilc imiṫe as ar fad: cuardóiḋ tú an t‑ionad a mbíoḋ sé, agus beiḋ sé ar ṡiúl.

11 Aċ beiḋ seilḃ an talaiṁ ag an dream a ḃfuil sprid na ceansaċta iontu: agus dá ṁéid í an tsíoċáin is móide an sólás a ḃainfeas siad aisti.

12 Bíonn fear an oilc ag cur coṁairle in aġaiḋ an ḟíréin: agus ag baint díoscarnaí as a ḟiacla ina éadan.

13 Déanfaiḋ an Tiarna gáire fonóideaċ faoi: ó ḟeiceann sé go ḃfuil a lá ag teaċt.

14 Ṫarraing luċt an oilc a gclaíoṁ agus lúbadar a mboġa: go gcuirfiḋ siad an boċt agus an dearóil ar lár, agus go maróiḋ siad an dream atá ar ṡlí a leasa.

15 Raċaiḋ a gclaíoṁ trína gcroí féin: agus brisfear an boġa orṫu.

16 Is fearr beagán ag an ḃfíréan: ná mórṁaoin ag luċt an oilc.

17 Óir beiḋ láṁa luċt an oilc á mbriseaḋ: agus beiḋ an Tiarna ina ċrann taca ag na fíréin.

18 Is aiṫnid don Tiarna laeṫanta na ndaoine diaganta: agus fanfaiḋ a n‑oiḋreaċt go bráċ.

19 Ní ḃeiḋ aiféala orṫu in am na contúirte: agus ġeoḃaiḋ siad a sá in am an ġorta.

20 Aċ is é atá i ndán do luċt an oilc, a scrios; agus beiḋ naiṁde an Tiarna mar ḃláṫ an ṁaċaire: beiḋ, agus raċaiḋ siad as mar ṫéann an toit as.

21 Faiġeann an droċḋuine iasaċt naċ ḃfilleann: aċ bíonn an fíréan trócaireaċ flaiṫiúil.

22 An dream ar ḃeannaiġ Dia iad, ġeoḃaiḋ siad seilḃ na tíre: agus an dream a ṁallaiġ sé, beiḋ siad á scriosaḋ.

23 Bíonn imeaċta an dea‑ḋuine á rialú ag an Tiarna: agus soirḃíonn sé a ṡlí ċun a ṡásaiṁ féin.

24 Siúd is go dtiteann sé, ní ḟágfar ar lár é: ó bíonn láṁ an Tiarna ag cur taca leis.

25 Ḃí mé óg, agus táim aosta anois: aċ ní ḟaca mé riaṁ an fíréan fágṫa, ná a ṡlioċt ag cruinniú a gcoda.

26 Bíonn an fíréan trócaireaċ i gcónaí, agus tugann sé iasaċtaí uaiḋ: agus bíonn beannaċt ar a ṡlioċt.

27 Seaċnaígí an t‑olc, agus cleaċtaígí dea‑ġníoṁarṫa: agus fan mar a ḃfuil tú i do ċónaí.

28 Óir bíonn grá ag an Tiarna don ċeart: ní ṫréigeann sé a ṁuintir féin, an ṁuintir ḋiaganta, aċ bíonn siad á gcuṁdaċ go síoraí.

29 Cuirfear pionós ar luċt an oilc: is do ṡlioċt na ndroċḋaoine atá an scrios i ndán.

30 Titfiḋ oiḋreaċt na tíre ar na fíréin: agus mairfiḋ siad inti go deo.

31 Bíonn béal an ḟíréin ag cleaċtaḋ eagna: agus beiḋ a ṫeanga ag tráċt ar an mbreiṫiúnas.

32 Bíonn dlí an Tiarna ina ċroí: ní imeoiḋ a ċosa as faoi.

33 Bíonn fear an oilc ag coiṁeád an ḟíréin: agus ag faire na faille go maraí sé é.

34 Ní ḟágfaiḋ an Tiarna ar a láiṁ é: ná ní ḋaorfaiḋ sé é nuair a cuirtear faoi ḃreiṫiúnas é.

35 Cuir do ḋóċas sa Tiarna, agus coinniġ a ṡlí, agus cuirfiḋ sé in ardċéim tú, go mbí seilḃ na tíre agat: nuair a ċuirfear críoċ le fear an oilc feicfiḋ do ṡúil é.

36 Ċonaic mé féin fear an oilc faoi ċuṁaċt ṁór: ag fás mar ċrann glas láraċ.

37 Ċuaiġ mé ṫart, agus siúd ar ṡiúl é: ċuardaiġ mé é, aċ ní raiḃ a áit le fáil.

38 Cloíġ leis an neaṁċiontaċt, agus taḃair aire don ní atá ceart: óir taḃarfaiḋ sin síoċáin don duine sa deireaḋ.

39 Raċaiḋ an drong ċoirṫeaċ ċun éaga le ċéile: is é an ċríoċ a ḃeas ar luċt an oilc, a scrios sa deireaḋ.

40 Aċ is ón Tiarna a ṫagann slánú na ḃfíréan: agus is é an Tiarna a gcuṁaċt in am an ḃuarṫa.

41 Seasfaiḋ an Tiarna dóiḃ, agus slánóiḋ sé iad: fuasclóiḋ sé iad ó na droċḋaoine, agus saorfaiḋ sé iad, de ḃrí gur ċuireadar a ndóċas ann.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ