Psailm 36 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 36. Dixit injustus. 1 Tá mo ċroí ag insint dom faoi ċiontaċt ḟear an oilc: naċ mbíonn eagla Dé os coinne a ṡúl. 2 Aċ é ag cur cluana air féin ina ḋearcaḋ féin: go dtí go mbíonn ḟios ag an saol faoina ṗeaca ḟuafar. 3 Ní ṫagann focal fíréanta as a ḃéal, aċ a lán bréag: ċuir sé suas den stuaim agus de na dea‑ḃéasa. 4 Bíonn cointinn á cumaḋ aige ina leaba, agus ní maiṫ an tslí a ġaḃ sé: agus ní fuaṫ leis aon ní dá olcas. 5 Aċ bíonn do ṫrócaire, a Ṫiarna, ċoṁ hard leis na spéarṫa: agus bíonn do ḋílseaċt ag sroiċint na néalta. 6 Bíonn dʼḟíréantaċt ag seasaṁ amaċ mar na sléiḃte láidre: bíonn do ḃreiṫiúnas mar an aiḃéis ṁór. 7 Beiḋ an duine agus an beiṫíoċ á slánú agat, a Ṫiarna: ní feaḃas go dtí do ṫrócaire, a Ḋia: agus beiḋ dóċas ag Síol Áḋaiṁ as scáile do sciaṫán. 8 Taḃarfar a sásaṁ dóiḃ de ollṁaiṫeas do ṫí: agus tú ag taḃairt dʼaoiḃneas dóiḃ lena ól mar aḃainn. 9 Óir is leat tobar na beaṫa: agus is i do ṡolas a ḟeicfimid an solas. 10 Lean de do ċarṫanaċt ġráṁar leis an dream a ċuir aiṫne ort: agus de dʼḟíréantaċt le luċt an ċroí ḟír. 11 Ná siúlaḋ cos an uaḃair faoi mo ḋéinse: agus ná leagaḋ láṁ an droċḋuine mé. 12 Naċ íseal atáid ina luí, luċt gnáṫaiṫe na hurċóide uile: tá siad ar lár, agus ní ḟéadfaiḋ siad seasaṁ. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland