Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 35 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 35. Judica, Domine.

1 Pléiġ mo ċúis, a Ṫiarna, leis an dream atá ag cur clampair orm: agus troid in aġaiḋ na ndaoine atá ag troid liom.

2 Beireaḋ do láṁ ar an sciaṫ ċosanta: agus éiriġ amaċ do ċuidiú liom.

3 Tóg an tsleá agus seas sa ḃearna roiṁ luċt mo ġéarleanúna: abair le mʼanam, Is mé do ṡlánú.

4 Cuirtear náire agus aiféala ar an dream ar ṁaiṫ leo mʼanam a ḃeiṫ acu: cuirtear ar gcúl, agus baintear stangaḋ as an dream a ḃfuil olc acu dom.

5 Bídís mar an luaiṫ roiṁ an ngaoṫ: agus aingeal an Tiarna á scaipeaḋ.

6 Go mba dorċa sleaṁain a mbealaċ: agus aingeal an Tiarna ar a dtóir.

7 Óir ċuireadar líon roṁam os íseal le mo scriosaḋ gan ċúis: is gan ċúis a rinneadar poll le haġaiḋ mʼanma.

8 Tigeaḋ scrios tobann forṁoṫaiṫe air, agus gaḃaḋ a líon féin é, a ċuir sé os íseal: ligtear lena olc féin é.

9 Aċ beiḋ an Tiarna mar ċúis lúċáire dom anamsa: agus a ṡlánúsan aige mar áḃar áṫais.

10 Beiḋ mo ċeiṫre cnáṁa á rá, A Ṫiarna, cé is cosúil leat, a ṡaoras an duine boċt ón té is treise ná é: a ṡaoras an boċt agus an té atá i mbuaireaṁ ón té a ḋéanas a ċreaċ?

11 Dʼéiriġ fianaisí bréagaċa ina seasaṁ: ċuireadar coirṫe i mo leiṫ nárḃ ḟeasaċ dom.

12 Ṫugadar an t‑olc dom in aġaiḋ na maiṫeasa: rud a ġoill go mór ar mʼanam.

13 Aċ is amlaiḋ a ċuir mé saic‑éadaċ orm, nuair a ḃíodarsan breoite, agus ċloíġ mé mʼanam le troscaḋ: agus fillfiḋ mo ġuí im uċt féin.

14 Ḃínn dom iompar ionannʼs dá mba ċara nó dearṫáir dom é: ḃí mé faoi ṫrom‑ualaċ bróin, mar an té a ċaoineas a ṁáṫair.

15 Aċ in am mo ġéiḃinn ḃí lúċáir orṫu, agus ċruinníodar le ċéile: ḃí na handaoine féin ag teaċt le ċéile ar mo ċúl, agus ag síorċur cairr orṫu féin liom.

16 I measc luċt na cluana ḃí daoine magúla diana: a ḃain díoscarnaċ as a ḃfiacla im éadan.

17 A Ṫiarna, ca ḟad a aṁarcfaiḋ tú air sin: naċ ḃfuasclóiḋ tú mʼanam ón tubaiste a ḃfuilid á tarraingt orm, naċ saorfaḋ tú mʼanam dílis ó na leoin?

18 Is aṁlaiḋ raċaiḋ mé á altú duit ar an mórċoṁṫionól: agus molfaiḋ mé tú i measc an ṗobail líonṁair.

19 Ná lig don dream a ḃíos mar naiṁde agam maíoṁ as bua nár ḃeannaiġ Dia: agus ná lig do na daoine a ṫug fuaṫ dom gan ċúis a súile a ċaoċaḋ orm.

20 Agus cad ċuige? De ḃrí naċ gcuireann a gcoṁluadar an tsíoċáin ar aġaiḋ: aċ go gcumann siad bréaga in aġaiḋ daoine socra na tíre.

21 Ṫugadar aġaiḋ a gcraois orm, agus dúradar: Mo náire ṫú, mo náire ṫú, naċ iad ár súile féin a ċonaic é?

22 Ċonaic tusa é, a Ṫiarna: ná fan mar sin i do ṫost agus ná himiġ uaim, a Ṫiarna.

23 Dúisiġ, agus éiriġ go dtuga tú breiṫiúnas ar mo ċasaoid: tugaḋ mo Ḋia, agus mo Ṫiarna mo ċeart dom.

24 Taḃair breiṫ orm, mo Ṫiarna Dia, de réir dʼḟíréantaċta: agus ná lig dóiḃ a mbua a ṁaíoṁ orm.

25 Ná habraidís ina gcroí, Tá linn, seo mar a ṫograíomar féin é: ná habraidís aċ oiread, Tá sé craos‑slogṫa siar againn.

26 Go gcuirtear aiféala agus náire orṫu i gcuideaċta a ċéile, ar an dream ar ġeal leo mo ḃuaireaṁ: cuirtear aċasán agus easonóir ar a mbíonn maíteaċ im éadan.

27 Bíoḋ lúċáir agus gairdeas ar an drong ar ṁaiṫ leo mo ġníoṁarṫa fíréanta: agus bídís á rá i gcónaí, Altú don Tiarna, a dtaitníonn sé leis a ṡeirḃíseaċ a ḃeiṫ go sona.

28 Agus beiḋ mo ṫeanga ag cur síos ar dʼḟíréantaċt: agus ag seinm do ṁolta dá mbʼḟada an lá.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ