Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 34 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 34. Benedicam Domino.

1 Taḃarfaiḋ mé buíoċas leis an Tiarna de ṡíor: beiḋ a ṁolaḋ i mo ḃéal i gcónaí.

2 Beiḋ mʼanam ag maíoṁ as an Tiarna: cluinfiḋ an drong uiríseal tráċt air, agus beiḋ lúċáir orṫu.

3 Molaigí an Tiarna liom: agus móraímis a Ainm le ċéile.

4 Dʼiarr mé an Tiarna, agus ċuala sé mé: agus dʼḟuascail sé mé ó áḃar mʼeagla.

5 Ba air a ḃí a súil, agus fuaireadar solas: agus níor ḋearg an náire a n‑éadain.

6 Féaċ mar ġlaonn an duine boċt, agus mar ċluineann an Tiarna é: agus mar ṡlánaíonn sé é óna gcuireann buaireaṁ air.

7 Bíonn aingeal an Tiarna ag fanaċt ṫart timpeall an dreama a mbíonn a eagla orṫu: agus á ḃfuascailt.

8 Blaisigí, agus féaċaigí mórṁaiṫeas an Tiarna: is beannaiṫe an té a mbíonn dóċas aige as.

9 A naoiṁ an Tiarna, bíoḋ eagla oraiḃ roiṁe: óir ní ḃíonn aon easpa ar an dream darb eagal é.

10 Bíonn easpa agus ocras ar na leoin: aċ ní ḃeiḋ aon ṁaiṫeas in easpa ar luċt iarrṫa an Tiarna.

11 Tagaigí, a ċlann, agus tugaigí cluas dom: múinfiḋ mé eagla an Tiarna daoiḃ.

12 Cá ḃfuil an fear a ṡantaíos fad saoil: ar ṁian leis sonas ar a laeṫanta?

13 Coinniġ do ṫeanga ó olc: agus do ḃeola ó ċaint ċealgaċ.

14 Seaċnaiġ an t‑olc, agus cleaċtaiġ dea‑ġníoṁarṫa: iarr an tsíoċáin agus lean di.

15 Bíonn súile an Tiarna ar na fíréin: agus a ċluasa foscailte dá n‑urnaiṫe.

16 Bíonn gnúis an Tiarna in aġaiḋ luċt déanta an oilc: lena gcuiṁne a scriosaḋ den talaṁ.

17 Bíonn na fíréin ag glaoċ, agus an Tiarna á gcloisteáil: agus á slánú óna gcuireann buaireaṁ orṫu.

18 Bíonn an Tiarna i ḃfogas luċt an ċroí ċoṁḃrúite: agus slánóiḋ sé drong na spride uirísle.

19 Dá ṁéid buaireaṁ an ḟíréin: bíonn an Tiarna á ḟuascailt as ar fad.

20 Bíonn sé á ċuṁdaċ: ar moḋ naċ mbristear cnáṁ dá ċnáṁa.

21 Aċ maróiḋ an tubaiste an droċḋuine: agus beiḋ luċt fuaṫa an ḟíréin fágṫa folaṁ.

22 Fuasclann an Tiarna anamaċa a ṡeirḃíseaċ: agus ní ḃeiḋ easpa ar an dream a ċuireas a ndóċas ann.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ