Psailm 32 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 32. Beati, quorum. 1 Is beannaiṫe dá maitear a éagóir: a gcuṁdaítear a ṗeaca. 2 Is beannaiṫe an té naċ mbíonn peaca á ċur ina leiṫ ag an Tiarna: agus naċ mbíonn cealg ina sprid. 3 Ċoṁ fada agus dʼḟan mé i mo ṫost: críonaḋ mo ċnáṁa le mo ġearán gaċ lá. 4 Óir leagann tú do láṁ go trom orm lá agus oíċe: bíonn mo ṡú mar ṫriomlaċ an tsaṁraiḋ. 5 Noċtfaiḋ mé mo ṗeaca duit: agus níor ċeil mé mʼéagóir. 6 Dúirt mé, Adṁóiḋ mé mo ṗeaca don Tiarna: agus dá ḃrí sin ṁaiṫ tú dom coir mo ṗeaca. 7 Ar an áḃar sin beiḋ gaċ duine cráifeaċ do do ġuí in uair na faille: is cinnte naċ dtiocfaiḋ na tonnta báite dá ċoṁair. 8 Is tú mʼáit folaiṫe, beiḋ tú do mo ċuṁdaċ ó ḃuaireaṁ: beiḋ tú do mo ṫimpeallú le haṁráin fuascailte. 9 Beiḋ mé mar oide múinte agat, agus mar eolaí sa ḃealaċ atá le siúl agat: agus beiḋ mo ṡúil do do ṫreorú. 10 Ná bígí mar an eaċ nó mar an ṁiúil, atá gan tuiscint: ionas go gcaiṫfear a mbéal a ċoinneáil leis an mbéalḃaċ nó leis an srian, agus naċ n‑uṁlóiḋ duit gan iad. 11 Tá plánna móra i ndán do luċt an oilc: aċ an té a ċuireas a ḋóċas sa Tiarna, bíonn an trócaire ar gaċ taoḃ de. 12 Bíoḋ áṫas oraiḃ, a ḟíréin, agus go mba é an Tiarna ḃur ngairdeas: agus bíoḋ lúċáir oraiḃ a luċt an ċroí ḟír. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland