Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 3 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 3. Domine, quid multiplicati?

1 A Tiarna, conas a méadaíoḋ luċt mo ḃuarṫa: is iomaí duine ag éirí amaċ im éadan.

2 Is iomaí duine á rá i dtaoḃ mʼanma: ní caḃair ar biṫ dó a Ḋia.

3 Aċ is tusa, a Ṫiarna, mo ċosantóir: is tú a ṫuilleas clú dom agus a ṫógas mo ċeann.

4 Ġlaoiġ mé ar an Tiarna os ard: agus ċuala sé mé amaċ as a ṡliaḃ naofa.

5 Ċuaiġ mé a ċodlaḋ, agus dʼéiriġ mé arís: óir dob é an Tiarna a ċoṫaiġ mé.

6 Ní eagal liom deiċ míle de na daoine: agus iad dom ionsaí ó gaċ taoḃ.

7 Éiriġ, a Ṫiarna, cuidíoḋ mo Ḋia liom: ó ḃuaileann tú mo naiṁde uile ar ċnáṁ an ġéill; tá fiacla luċt an oilc briste agat.

8 Is leis an Tiarna an slánú: agus bíonn do ḃeannaċt ar do ṁuintir.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ