Psailm 29 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 29. Afferte Domino. 1 Luaigí leis an Tiarna, a luċt na treise: luaigí leis an Tiarna an ċlú agus an ċuṁaċt. 2 Luaigí leis an Tiarna an onóir is dual dá Ainm: déanaigí an Tiarna a aḋraḋ le haḋraḋ naofa. 3 Tá glór an Tiarna os cionn an uisce: is é Dia na glóire é, ag déanaṁ toirní. 4 Is é an Tiarna a rialaíos an ḟarraige; is é glór an Tiarna is mó éifeaċt: is é glór an Tiarna an glór cumasaċ. 5 Bíonn na crainn céadrais á mbriseaḋ ag glór an Tiarna: briseann an Tiarna céadrais Sléiḃe Liaḃáin. 6 Baineann sé léim astu mar léimfeaḋ lao: léimeann Sliaḃ Liaḃáin agus Sliaḃ Sirión mar aon aḋarcaċ óg. 7 Téann glór an Tiarna idir na caorṫa tine; cuireann glór an Tiarna an fásaċ ar luascaḋ: bíonn fásaċ Cades á luascaḋ ag an Tiarna. 8 Cuireann glór an Tiarna an lao as an eilit, agus an duilliúr den ċraoḃ: níl ní ina ṫimpeall naċ mbíonn ag molaḋ a ċlú. 9 Ṡuiġ an Tiarna mar Rí os cionn na Díleann: agus fanann an Tiarna ina Rí go deo. 10 Neartóiḋ an Tiarna lena ṁuintir: taḃarfaiḋ an Tiarna dá ṁuintir beannaċt na síoċána. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland