Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 28 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 28. Ad te, Domine.

1 Is ort a ġlaofas mé, a Ṫiarna mo ċuṁaċt: nára beag leat mo ċás; óir, má ṫugann tú an ċluas ḃoḋar dom, beiḋ mé mar ḋuine den dream a ṫéann síos sa ṗoll.

2 Éist le mo ġlór, nuair a ġlaoim ag cur aċainíoċa ort: agus aġaiḋ mo ḃos in airde i dtreo caṫaoir ṫrócaire do ṫeampaill naofa.

3 Ná sciob ar siúl agus ná scrios mé le luċt na míċráifeaċta agus na ndroċġníoṁarṫa: a laḃraíos go cairdiúil lena gcoṁarsana, agus a ċumas olc ina gcroí.

4 Taḃair luaíoċt dóiḃ a ḃeas de réir a ngníoṁarṫa: agus de réir a ndroċḃeart.

5 Cúitiġ dóiḃ de réir saoṫar a láṁ: íoc leo an ṁéid a ṫuilleadar.

6 Óir ní ḃíonn aird a n‑intinne ar oibreaċa an Tiarna, ná ar ṡaoṫar a láṁ: agus dá ḃrí sin ní tógfaiḋ sé suas iad, aċ á mbriseaḋ síos.

7 Molaḋ don Tiarna: a dʼéist le fuaim mʼaċainíoċa uṁla.

8 Is é an Tiarna mo neart agus mo sciaṫ; ċuir mo ċroí a ḋóċas ann, agus fóireaḋ orm: dá ḃrí sin léimeann mo ċroí le háṫas, agus molfaiḋ mé im aṁrán é.

9 Is é an Tiarna mo neart: is é dídean slánaiṫe a ungṫaiġ é.

10 Saor do ṁuintir, agus taḃair do ḃeannaċt dod oiḋreaċt: bí á mbeaṫú agus á n‑ardú go deo.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ