Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 27 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 27. Dominus illuminatio.

1 Is é an Tiarna mo ṡolas, agus mo ṡlánú; cé sin a mbeiḋ eagla orm roiṁe: is é an Tiarna neart mo ḃeaṫa; cé siúd a ċuirfiḋ criṫ orm?

2 Bʼṡiúd ċugam luċt an oilc, mar tá mo naiṁde agus mʼeascairde, go n‑íosfaidís an ḟeoil de mo ċnáṁa: aċ fuaireadar tuisleaḋ agus ṫiteadar.

3 Dá mbeaḋ slua fear in eagar caṫa im éadan, ní ḃeiḋ eagla ar mo ċroí: agus siúd is go gcuirtí cogaḋ orm, is ann a ċuirfiḋ mé mo ḋóċas.

4 Ċuir mé aċainí aṁáin ar an Tiarna, ní iarrfaiḋ mé air aċ an ṁéid sin: ḃeiṫ i mo ċónaí i dteaċ an Tiarna le mo ṡaol ʼsmo laeṫanta i rioċt go ḃféadfainn scéiṁ an Tiarna a ḟeiceáil, agus ḃeiṫ ag taiṫí a ṫeampaill.

5 Óir in am an ḃuarṫa cuṁdóiḋ sé mé ina ṗailliún: is aṁlaiḋ a ḟolóiḋ sé mé in ionad diaṁair a árais, agus ardóiḋ sé mé ar ċarraig ċloiċe.

6 Agus ardóiḋ sé mo ċeann gan ṁoill: os cionn mo naiṁde atá i mo ṫimpeall.

7 Ar an áḃar sin beiḋ ardlúċáir orm ag toirḃirt íobairte ina ṫeaċ: beiḋ molaḋ an Tiarna á ṡeinm agus á rá agam.

8 Éist le mo ġlór, a Ṫiarna, nuair a ġlaoim ort: bíoḋ trócaire agat dom agus taḃair cluas dom.

9 Ḃí mo ċroí ag laḃairt leat: Tagaigí ar ṫuairisc mo ġnúise; ar ṫuairisc do ġnúise, a Ṫiarna, ṫiocfas mé.

10 Ná ceil do ġnúis orm: ná bíoḋ olc agat do do ṡeirḃíseaċ agus ná díbir é.

11 Ba tú mo ċaḃair: ná fág mé agus ná déan mo ṫréigean, a Ḋia mo ṡlánaiṫe.

12 Nuair a ṫréigeas mʼaṫair agus mo ṁáṫair mé: glacann an Tiarna liom.

13 Múin do ṡlí dom, a Ṫiarna: agus déan eolas dom ar an mbealaċ ċeart, de ḃarr mo naiṁde.

14 Ná lig do mo naiṁde a roġa rud a ḋéanaṁ liom: óir dʼéiriġ fianaisí bréige agus luċt na mionn éitiġ im éadan.

15 Ḃain mé deireaḋ dúile de ḋóċas: murab é go gcreidim go ḃfeice mé maiṫeas an Tiarna i ḃfírinne agus mé ar ṫalaṁ na mbeo.

16 Fan ċoṁ fada agus is áil leis an Tiarna: glac ina ṁórṁisneaċ é, agus neartóiḋ sé le do ċroí; agus cuir do ḋóċas sa Tiarna.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ