Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 26 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 26. Judica me, Domine.

1 Go mba tú mo ḃreiṫeaṁ, a Ṫiarna, ó ṡiúil mé go neaṁċoirṫeaċ: bíoḋ mo ṁuinín as an Tiarna, agus ní ṫitfiḋ mé dá ḃrí sin.

2 Proṁaiġ mé, a Ṫiarna, agus féaċ mé: breaṫnaiġ mʼáranna agus mo ċroí.

3 Óir bíonn do ċarṫanaċt os coṁair mo ṡúl de ṡíor: agus siúlfaiḋ mé de réir dʼḟírinne.

4 Níor ċónaiġ mé le daoine díoṁaoine: agus ní ċoinneoiḋ mé cuideaċta le luċt na bréige.

5 Ṫug mé fuaṫ do ċoṁṫionól luċt an oilc: agus ni ṡuífiḋ mé i measc na ndroċḋaoine.

6 Nífiḋ mé mo láṁa i neaṁċoirṫeaċt, a Ṫiarna: agus is aṁlaiḋ a ṫarraingeoiḋ mé ar dʼaltóir;

7 Go gcluintear mo ġlór ag altú duit: agus ag insint dʼoibreaċa iontaċa.

8 A Ṫiarna, ṫug mé grá do dʼáras tí: agus dʼáit cónaiṫe dʼonóra.

9 Ná cuir mʼanam faoi ġlas i measc na bpeacaċ: ná mo ḃeaṫa le luċt doirtiṫe na fola;

10 A mbíonn an ċoir ina láṁa: agus a láṁ ḋeas lán de ḃreabanna.

11 Aċ is aṁlaiḋ a ṡiúlfaiḋ mise go neaṁċoirṫeaċ: go mbʼáil leat mʼḟuascailt agus ḃeiṫ trócaireaċ liom.

12 Is daingean seasaṁ mo ċoise: molfaiḋ mé an Tiarna ar na coṁṫionóla.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ