Psailm 24 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 24. Domini est terra. 1 Is leis an Tiarna an talaṁ, agus a ḃfuil ann: an ċruinne agus a maireann uirṫi. 2 Óir ḃunaiġ sé é ar na farraigí: agus ṡocraiġ sé é ar na sruṫanna. 3 Cé a ardós cnoc an Tiarna: nó cé a ṡeasfas ina áit naofa? 4 An fear sin a mbíonn láṁa glana aige, agus croí gan smál: nár ċuir suim a intinne i ndíoṁaointeas, agus naċ dtug mionn meallta na coṁarsan. 5 Is é a ġeoḃas an ḃeannaċt ón Tiarna: agus an ḟíréantaċt ó Ḋia a ṡlánaiṫe. 6 A ṁacasaṁail sin a ḃíos ar luċt a iarrṫa: ḃíos ar luċt iarrṫa do ġnúise, a Ḋia Iácóib. 7 Tógaḋ na geataí a gcinn, agus ardaítear na coṁlaí cianaosta: go dtaga Rí na glóire isteaċ. 8 Cé hé Rí na glóire: is é an Tiarna láidir tréan é, an Tiarna is cuṁaċt aċ i gcogaḋ. 9 Tógaḋ na geataí a gcinn, agus ardaítear na coṁlaí cianaosta: go dtaga Rí na glóire isteaċ. 10 Cé hé Rí na glóire: is é Tiarna na slua é, is é féin Rí na glóire. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland