Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 23 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 23. Dominus regit me.

1 Is é an Tiarna mʼaoire: ní féidir easpa dʼaon ní ḃeiṫ orm.

2 Beiḋ mé ar innilt aige i bpáirc ḟéir ġlais: agus beiḋ sé do mo ṡeolaḋ ar ḃruaċ uisce an tsóláis.

3 Iompóiḋ sé mʼanam: agus seolfaiḋ sé go cosáin na fíréantaċta mé, as uċt a Ainm.

4 Siúd is go siúlfainn trí ġleann scáile an ḃáis, ní baol dom an t‑olc: óir bíonn tusa i mo ċoiṁdeaċt; is iad do ḃata agus do ḃaċall mo ṡólás.

5 Feisteoiḋ tú bord roṁam ar neaṁċead luċt mo ḃuarṫa: ḋoirt tú ola ar mo ċeann, agus beiḋ mo ċupán lán.

6 Aċ beiḋ do ċarṫanaċt agus do ṫrócaire do mo leanúint ar feaḋ mo ṡaoil ʼsmo laeṫanta: agus beiḋ mé i mo ċónaí i dteaċ an Tiarna go bráċ.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ