Psailm 22 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 22. Deus, Deus meus. 1 A Ḋia liom, a Ḋia liom, féaċ orm; cad ċuige ar ṫréig tú mé: cad ċuige a ḃfuil tú ċoṁ fada sin ó mo ṡláinte, agus ó ḃriaṫra mo ġearáin? 2 A Ḋia liom, glaoim sa lá, aċ ní ċluineann tú: agus ní ġlacaim suaiṁneas san oíċe. 3 Agus fanann tusa naofa: agus bíonn Iosrael dod aḋraḋ. 4 Ċuir ár n‑aiṫreaċa a ndóċas ionat: ḃí muinín acu asat, agus dʼḟuascail tú iad. 5 Ġlaodar ort, agus fóireaḋ orṫu: ċuireadar a muinín ionat, agus níor náire dóiḃ é. 6 Aċ is péisteog mise, ní duine: aċ na daoine ag taḃairt droċṁeasa ṁóir dom, agus an pobal i ndiaiḋ mo ċur amaċ. 7 Bíonn a ḃfeiceann mé ag magaḋ fúm: bíonn siad ag cur cairr orṫu féin ag craiṫeaḋ a gcinn, á rá, 8 Ḃí dóċas as Dia aige, go ḃfuasclóḋ sé é: fuasclaíoḋ sé é, má ġaḃann sé leis. 9 Aċ is tú an té a ṫug amaċ as broinn mo ṁáṫar mé: ba tú mo ḋóċas, agus mé go fóill ag croċaḋ as cíoċa mo ṁáṫar. 10 Fágaḋ ort mé ó am mo ḃreiṫe: is tú mo Ḋia ó ḃroinn mo ṁáṫar. 11 Ná himiġ uaim, ós gearr dom an buaireaṁ: agus ó naċ ḃfuil cúntóir agam. 12 Ṫimpeallaiġ an iomad daṁ mé: bíonn tairḃ raṁra Ḃasáin ag teannaḋ isteaċ orm. 13 Tugann siad aġaiḋ a gcraois orm: mar ḃeaḋ leon léimneaċ ag búireaċ. 14 Táim mar uisce doirtiṫe, agus tá mo ċnáṁa uile as alt: agus tá an croí atá i lár mo ċolainne mar ċéir leáite. 15 Seargaḋ mo neart mar ḃloġ de ṡoiṫeaċ ḃriste, agus tá mo ṫeanga greamaiṫe do mo ġiall: agus taḃarfaiḋ tú mé go deannaċ an ḃáis. 16 Óir ṫimpeallaiġ an iomad madra mé: agus cuireann coṁṫionól luċt an oilc léigear orm. 17 Ṫolladar mo láṁa agus mo ċosa; is féidir liom mo ċnáṁa uile a ċoṁaireaṁ: seasann siad ag stánaḋ agus ag coiṁeád orm. 18 Roinneann siad mʼéadaí eatarṫu: agus caiṫeann siad cranna ar mʼḟallaing. 19 Aċ ná fan i ḃfad uaim, a Ṫiarna: is tú mo ċúntóir, déan deifir do ċuidiú liom. 20 Fuascail mʼanam ón gclaíoṁ: agus mʼanam ḋílis as cuṁaċt na con. 21 Taḃair slán mé as béal an leoin: dʼéist tú liom nuair a ṫug na haonaḋarcaiġ álaḋ orm. 22 Foilseoiḋ mé dʼAinm do mo ḃráiṫre: molfaiḋ mé tú i measc an ċoṁṫionóil. 23 Molaigí an Tiarna, a ḋream a mbíonn a eagla oraiḃ: móraigí é, a dtáinig de Ṡiol Iácóib, agus bíoḋ eagla oraiḃ roiṁe, a Ṡíl Iosrael uile. 24 De ḃrí naċ dtug sé díṁeas ná fuaṫ ar an mboċtán atá ṫíos: níor ċeil sé a ġnúis air, aċ ag taḃairt cluaise dó, nuair a ġlaoiġ sé air. 25 Óir tugann tú áḃar molta dom ar an mórċoṁṫionól: coṁlíonfaiḋ mé mo ṁóideanna faoi ṡúile an dreama a mbíonn a eagla orṫu. 26 Íosfaiḋ na boċta, agus beiḋ a sá acu: beiḋ luċt iarrṫa an Tiarna á ṁolaḋ; mairfiḋ ḃur gcroí go bráċ. 27 Níl críoċ den doṁan naċ gcuiṁneoiḋ air féin, agus naċ n‑iompóiḋ ċun an Tiarna: agus treiḃeanna gaċ cine ag uṁlú roiṁe. 28 Óir is leis an Tiarna an ríoċt: agus is é rialtóir na náisiún é. 29 Tá a ḃfuil raṁar ar talaṁ: i ndiaiḋ ite agus aḋarṫa. 30 Beiḋ a dtéann síos sa luaiṫ ag feacaḋ a nglún roiṁe: nior aṫḃeoiġ aon duine a anam féin. 31 Beiḋ mo ṡlioċt ag déanaṁ seirḃíse dó: measfar iad mar ġlúin i láṫair an Tiarna. 32 Tiocfaiḋ siad, agus foilseoiḋ siad a ḟíréantaċt: don ṁuintir nár rugaḋ go fóill; óir rinne an Tiarna é. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland