Psailm 21 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 21. Domine, in virtute tua. 1 Beiḋ do ċuṁaċt mar áḃar áṫais ag an rí, a Ṫiarna: agus beiḋ do ṡlánú mar ċúis mórlúċáire aige. 2 Ṫug tú mian a ċroí dó: agus níor eitiġ tú aċainíoċa a ḃéil. 3 Óir beiḋ an tús agat air á ḃeannú ċun a leasa: agus cuirfiḋ tú coróin ġlanóir ar a ċeann. 4 Dʼiarr sé fad saoil ort, agus ṫug tú saol fada dó: ṁaireas trí ṡaol na saol. 5 Taḃaionn do ṡlánú mórċlú dó: cuireann tú glóir agus mórġradam air. 6 Óir taḃarfaiḋ tú sólás síoraí dó: agus cuirfiḋ aoiḃ do ġnúise lúċáir air. 7 Agus cad ċuige? De ḃrí go gcuireann an rí a ḋóċas sa Tiarna: agus ní ligfiḋ trócaire an Té is Airde don ṁí‑áḋ éirí dó. 8 Aireoiḋ do naiṁde uile meáċain do láiṁe: aimseoiḋ do láṁ ḋeas luċt dʼḟuaṫa. 9 Déanfaiḋ tú iad mar ṡorn tintrí in am dʼḟeirge: scriosfaiḋ an Tiarna iad agus fíoċ air leo, agus slogfaiḋ an tine iad. 10 Scriosfaiḋ tú a dtoraḋ de ḋroim an talaiṁ: agus a síol as ḃeiṫ i measc Ṡíl Áḋaiṁ. 11 Óir bʼolc an rún a ḃí acu duit: agus ċumadar beart nár ḟéadadar a cur i gcríċ. 12 Cuirfiḋ tú ruaig orṫu dá ḃrí sin: agus ullṁóiḋ tú sreanganna do ḃoġa ina n‑éadan. 13 Ardaíoḋ do ċuṁaċt féin tú, a Ṫiarna: is aṁlaiḋ canfaimid, agus molfaimid do neart. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland