Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 20 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 20. Exaudiat te Dominus.

1 Go dtuga an Tiarna cluas duit i lá an ḃuarṫa: go raiḃ Ainm Dé Iácóib do do ċosaint;

2 Go gcuire sé caḃair ċugat as an Sanctóir: agus go neartaí sé leat as Síón;

3 Go mba ċuiṁneaċ leis do ṫoirḃirtí uile: agus go nglaca sé le dʼíobairt loiscṫe.

4 Go dtuga sé mian do ċroí duit: agus go gcoṁlíona sé a ḃfuil i dʼintinn.

5 Cuirfiḋ do ṡlánú lúċáir orainn, agus beimid ag maíoṁ as Ainm ár dTiarna Dia: go gcoṁlíona an Tiarna gaċ aċainí dar ċuir tú air.

6 Tá a ḟios agam anois, go gcuidíonn an Tiarna lena ungṫaċ, agus go n‑éistfiḋ sé leis óna neaṁa naofa: le slán‑neart a láiṁe deise.

7 Cuireann drong a ndóċas i gcarbaid, agus drong eile a ndóċas in eaċraí: cuiṁneoimidne ar Ainm ár dTiarna Dia.

8 Tugtar anuas iad agus titeann siad: aċ ardaítear sinne, agus fanaimid inár seasaṁ.

9 Saor, a Ṫiarna, agus éist linn a Rí neiṁe: nuair a ġlaoimid ort.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ