Psailm 2 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 2. Quare fremuerunt gentes? 1 Cad ċuige a ḃfuil an fraoċ niṁe seo ar na náisiúin i gcuideaċta a ċéile: cad ċuige a ḃfuil na ciníoċa ag beartú baoise? 2 Éiríonn ríṫe an talaiṁ, agus cuireann na taoisiġ a gcoṁairle le ċéile: in aġaiḋ an Tiarna agus in aġaiḋ a ungṫaiġ, agus iad á rá, 3 Brisimis a ngeiṁle ó ċéile: agus caiṫimis a gcuiḃreaċa uainn. 4 Déanfaiḋ an té a ṡuíos ar neaṁ gáire magúil fúṫu: beiḋ an Tiarna ag fonóid fúṫu. 5 Laḃróiḋ sé leo ansin agus fíoċ air: buairfiḋ sé iad agus é faoi ṁórḟearg. 6 Oirníoḋ rí liom féin: ar mo ṡliaḃ naofa, ar ṡliaḃ Síóin. 7 Fógróiḋ mé an Aiṫne: is é dúirt an Tiarna liom, is Tú mo ṁac, inniu a ġin mé tú. 8 Iarr orm, agus taḃarfaiḋ mé na náisiúin mar oiḋreaċt duit: agus críoċa ciana an talaiṁ duit mar ṡeilḃ. 9 Brúfaiḋ tú iad le slat iarainn: brisfiḋ tú i mbloġanna iad mar ṡoiṫeaċ cré. 10 Bíoḋ ciall agaiḃ mar sin, a ríṫe: bíoḋ coṁairle oraiḃ, a ḃfuil in ḃur mbreiṫiúna ar an talaṁ. 11 Déanaigí seirḃís don Tiarna le heagla: bíoḋ lúċáir oraiḃ le hurraim roiṁe. 12 Pógaigí an mac, ar eagla go mbeaḋ fearg air, agus go raċaḋ siḃ ón slí ċeart agus ċun scriosa, má lastar a ḟearg dá laġad: is beannaiṫe an dream a ċuireas a ndóċas ann. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland