Psailm 19 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 19. Coeli enarrant. 1 Foilsíonn na spéarṫa glóir Dé: agus taispeánann an ḟirmimint saoṫar a láṁ. 2 Bíonn lá á rá le lá: agus na hoíċeanta gá insint dá ċéile. 3 Níl caint ná canúint acu: aċ cluintear a nglórṫa le ċéile. 4 Ċuaiġ a ḃfuaim ar fuaid na dtíorṫa: agus a ḃfocail go deireaḋ an doṁain. 5 Tá siad feistiṫe aige mar ṗailliún le haġaiḋ na gréine: a imíos mar ḟear nuaṗósta as a ṡeomra, agus a mbíonn lúċáir uirṫi mar lúċáir ḟaṫaiġ ag coiṁlint reaṫa. 6 Téann sí amaċ ó uaċtar na spéarṫa, agus riṫeann sí ṫart go dtí íoċtar na spéarṫa: agus ní ċeileann sí a teas ar aon ní. 7 Is dli gan smál é dli an Tiarna, a ḃíos ag iompú na hanama: is iontaofa í fianaise an Tiarna, agus bronnann sí eagna ar an duine ionraic. 8 Is ceart iad reaċtanna an Tiarna, ag cur áṫais ar an gcroí: is geanmnaí í aiṫne an Tiarna, agus tugann sí solas do na súile. 9 Is glan í eagla an Tiarna, agus maireann sí go buan: is fíor iad breiṫiúnais an Tiarna, agus is fíréanta ar fad iad. 10 Is mó is fiú a n‑iarraiḋ ná ór, agus ná ór dá ġlaine agus dá ṁéid: is milse iad ná mil, agus ná cíor na meala. 11 Múineann siad mar sin eolas do do ṡeirḃíseaċ: agus is mór an luaíoċt aċ iad a ċoinneáil. 12 Cé a dʼinseoḋ cé ṁéid uair a ċiontaiġ sé: go nglana tú mo loċta folaiṫe díom. 13 Cuṁdaiġ fós do ṡeirḃíseaċ ó ṗeacaí dána, ná lig dóiḃ an bua a ḟáil orm: is aṁlaiḋ a ḃeiḋ mé gan smál, agus neaṁċoirṫeaċ sa ċoir ṁór. 14 Briaṫra mo ḃéil, agus smaointe mo ċroí, go mba leo ab ḟiú duit glacaḋ: a Ṫiarna, mo ċuṁaċt agus mʼḟuascailteoir. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland