Psailm 18 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 18. Diligam te, Domine. 1 Beiḋ grá agam duit, a Ṫiarna mo neart: is é an Tiarna mo ċarraig ċloiċe, agus mo ḋaingean cosanta: 2 Mo ṡlánaiṫeoir, mo Ḋia, agus mo ċuṁaċt, as a mbeiḋ mo ḋóċas: mo sciaṫ, agus aḋarc mo ṡlánaiṫe, agus mo ḋídean. 3 Glaofaiḋ mé ar an Tiarna, an té is fiú a ṁolaḋ: is aṁlaiḋ a saorfar ó mo naiṁde mé. 4 Ḃí arraingeaċa an ḃáis do mo ṫimpeallú: agus ḃí tonnta báite na diaḃlaíoċta do mo scanrú. 5 Ṫáinig pianta ifrinn i mo ṫimpeall: ḃí dola an ḃáis ag breiṫ orm. 6 Ġlaoiġ mé i mo ḃuaireaṁ ar an Tiarna: agus rinne mé mo ġearán le mo Ḋia. 7 Agus ċuala sé mo ġlór as a ṫeampall naofa: agus ṫáinig mo ġearán roiṁe, agus fuair sé éisteaċt uaiḋ. 8 Ċreaṫnaiġ agus ċuṁscaiġ an talaṁ: baineaḋ criṫ agus bogaḋ as buna na sléiḃte féin, de ḃrí go raiḃ fearg air. 9 Ċuaiġ toit amaċ ina láṫair: agus tine ċraosaċ as a ḃéal, gur deargaḋ na haiḃleoga lena ṫeas. 10 Ċlaon sé na spéarṫa fós, agus ṫáinig sé anuas: agus ḃí dorċadas faoina ċosa. 11 Ḃí sé ag marcaíoċt ar ċearúibím, agus dʼeitil sé: ṫáinig sé ag eitilt ar sciaṫáin na gaoiṫe. 12 Ba é an dorċadas a áit diaṁraċ: a ṗailliún ina ṫimpeall le huisce dorċa, agus néalta dlúiṫe lena ċuṁdaċ. 13 Ḃí gile ina láṫair agus a néalta ag imeaċt roiṁe: cloċa sneaċta agus aiḃleoga tine. 14 Ḃí an Tiarna ag déanaṁ toirní as neaṁ, agus toirneaċ á déanaṁ ag an Té is Airde: cloċa sneaċta agus aiḃleoga tine. 15 Ċuir sé amaċ a ṡaiġeada agus scaip iad: ċaiṫ sé amaċ caorṫa tine agus scrios sé iad. 16 Ċonacṫas toibreaċa an uisce, agus noċtaḋ buna an doṁain: le do ḃagairt, a Ṫiarna, nuair a ṡéid gaoṫ do ḋíḃeirge. 17 Ċuir sé fios orm anuas ó na flaiṫis: agus ṫóg sé aníos mé as na tonnta tréana. 18 Dʼḟuascail sé mé ó mo naṁaid láidir, agus ó luċt mʼḟuaṫa: óir ba ṫreise leo ná liom. 19 Ṫángadar orm i lá mo ḃuarṫa: aċ ba é an Tiarna mo ċrann cosanta. 20 Ṫug sé amaċ mé in áit ṡaoirse: ṫug sé slán mé, ar an áḃar go raiḃ dáiṁ aige liom. 21 Ṫug an Tiarna luaċ saoṫair dom de ḃarr mʼḟíréantaċta: ċúitiġ sé glaine mo láṁ liom. 22 De ḃrí gur ċoinniġ mé slite an Tiarna: agus nár ṫréig mé mo Ḋia, mar ṫréigeann fear an oilc é. 23 Óir bíonn mo ṡúil ar a ḋlíṫe uile: agus ní ċaiṫfiḋ mé a aiṫeanta uaim. 24 Agus ḃí mé gan ċlaon roiṁe: agus níor ġéill mé dom olc féin. 25 Dá ḃrí sin ṫug an Tiarna luaċ saoṫair dom de ḃarr mʼḟíréantaċta: agus de ḃarr glaine mo láṁ in aṁarc a ṡúl. 26 Beiḋ tú naofa le naoṁ: agus le fear foirfe beid tú foirfe. 27 Beiḋ tú glan le luċt na glaine: agus foġlamóiḋ tú cealg ó luċt na ceilge. 28 Óir saorfaiḋ tú luċt na hainnise: agus ísleoiḋ tú luċt an díomais. 29 Agus lasfaiḋ tú fós mo ċoinneal: déanfaiḋ mo Ṫiarna Dia solas de mo ḋorċadas. 30 Óir ruaigfiḋ mé slua fear má ḃíonn tusa liom: le cuidiú mo Ḋé léimfiḋ mé ṫar an mballa. 31 Is slí gan smál í slí an Tiarna: dearḃófar briaṫar an Tiarna ins an tine; is é cosantóir an dreama é a ċuireas a ndóċas ann. 32 Óir cé is Dia ann aċ an Tiarna: óir cé ag a ḃfuil cuṁaċt, murab é ár nDia é? 33 Is é Dia a ċrioslaíos mé le neart ċun cogaiḋ: agus a ḋéanas mo ṡlí foirfe. 34 Cuireann sé cosa fúm mar ċosa an ḟia: agus bíonn sé do mʼardú. 35 Bíonn sé ag múineaḋ troda do mo láṁa: agus brisfiḋ mo ġéaga boġa na cruaċ. 36 Ṫug tú dom mo ṡlánú ċun mo ċosanta: tógfaiḋ do deasláṁ mé, agus móróiḋ do smaċt gráṁar mé. 37 Réiteoiḋ tú mo ḃealaċ roṁam: ionas naċ sleaṁnaí mo ċosa. 38 Leanfaiḋ mé mo naiṁde, agus béarfaiḋ mé orṫu: agus ní ḟillfiḋ mé arís go scriosa mé iad. 39 Buailfiḋ mé iad, go dtí naċ ḃféadfaiḋ siad seasaṁ: aċ iad ag titim faoi mo ċosa. 40 Ċrioslaiġ tú mé le crógaċt caṫa: cuirfiḋ tú mo naiṁde faoi mo ċosa. 41 Ṫug tú fós ar mo naiṁde a gcúl a ṫaḃairt dom: agus scriosfaiḋ mé luċt mʼḟuaṫa. 42 Glaofaiḋ siad, aċ ní ḃeiḋ fear a gcuidiṫe ann: glaofaiḋ siad ar an Tiarna féin, aċ ní ċluinfiḋ sé iad. 43 Criaṫróiḋ mé iad mar an deannaċ roiṁ an ngaoiṫ: caiṫfiḋ mé amaċ iad mar ċréafóg na sráideanna. 44 Fuasclóiḋ tú mé ó ionsaiṫe na ndaoine: agus cuirfiḋ tú mé i gceannas na náisiún. 45 Beiḋ cine nárḃ eol dom: ag déanaṁ seirḃíse dom. 46 Ní luaiṫe a ċluinfiḋ siad tráċt orm ná uṁlóiḋ siad dom: beiḋ na coiṁṫíġ á n‑uirísliú féin roṁam. 47 Beiḋ na coiṁṫíġ á gcloí: agus iad ag teaċt go criṫeaglaċ as a ndaingin. 48 Maireann an Tiarna, agus go mbeannaítear do mo ċúntóir ċuṁaċtaċ: agus go moltar Dia mo ṡlánaiṫe. 49 An Dia céanna a ḃaineas amaċ cúiteaṁ ar mo ṡon: agus a ċuireas na daoine faoi mo smaċt. 50 Is é a ḟuasclaíos mé ó mo naiṁde míṫrócaireaċa, agus a ardaíos mé os cionn mʼeascairde: cuirfiḋ tú fear an oilc as mo ċosán. 51 Dá ḃrí sin beiḋ mé á altú duit, a Ṫiarna, i measc na nGintliṫe: agus seinnfiḋ mé clú dʼAinm. 52 Tugann sé mór‑raṫúnas dá rí: agus taispeánann sé carṫanaċt do Ḋáiḃí dá ungṫaċ, agus dá ṡíol go bráċ. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland