Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 17 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 17. Exaudi, Domine.

1 Éist leis an gceart, a Ṫiarna, taḃair aire do mo ġearán: agus taḃair cluas dom urnaí, naċ dtéann amaċ as béal bréagaċ.

2 Tugtar saorḃreiṫ orm ó do láṫair: agus feiceaḋ do ṡúile an ní is ccart.

3 Dʼḟéaċ tú agus dʼḟiosraiġ tú mo ċroí san oíċe; táim profa agat, agus ní ḃfaiġiḋ tú coir ionam: óir tá rún daingean agam gan peacú i mbriaṫar mo ḃéil.

4 I dtaoḃ a ndéanann na daoine de ġníoṁarṫa in aġaiḋ briaṫra do ḃéil: dʼḟanainn amaċ ó ṡlite an scriosadóra.

5 Cuir taca le mo ċoiscéim ar do ṡlite: ionas naċ sleaṁnaí mo ṡiúlta.

6 Ġlaoiġ mé ort, a Ḋia, ó éistfiḋ tú liom; taḃair cluas dom, agus éist le mo ḃriaṫra.

7 Taispeáin do ċarṫanaċt iontaċ, a ḃíos mar ṡlánaiṫeoir ag an dream a ċuireas a muinín ionat: ón luċt a ċuireas in aġaiḋ do láiṁe deise.

8 Cuṁdaiġ mé mar ṁac imreasan na súile: folaiġ mé faoi scáṫ do sciaṫán,

9 Ó luċt an oilc a ḃíos do mo ḃuaireaṁ: bíonn mo naiṁde do mo ṫimpeallú go mbí mʼanam acu.

10 Tá cuṁdaċ dlúṫ saille orṫu: agus bíonn a mbéal ag déanaṁ mórtais.

11 Bíonn siad i luíoċán roṁainn ar gaċ taoḃ: agus a súile anuas ar an talaṁ;

12 Mar leon atá cíocraċ ċun creiċe: agus mar ċoileán leoin, ḃíos á ċeilt féin in áiteanna dorċa.

13 Éiriġ, a Ṫiarna, féaċ san aġaiḋ air, agus cuir ar lár é: slánaiġ mʼanam ar luċt an oile le do ċlaíoṁ féin;

14 Agus le do láiṁ, a Ṫiarna, ón drong ṡaolta: a ḟaiġeann a gcuid sa ḃeaṫa seo, a mbíonn a mboilg á líonaḋ dá ḃfuil i dtaisce agat.

15 Bíonn clann acu nuair is mian leo: agus fágann siad fuílleaċ a saiḃris ag a bpáistí.

16 Aċ i mo ṫaoḃsa de, is i ḃfíréantaċt a ḟeicfiḋ mé do ġnúis: agus nuair a ḋúiseoiḋ mé agus do ċosúlaċt orm, beiḋ mé sásta.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ