Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 16 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 16. Conserva mo, Domine.

1 Cuṁdaiġ mé, a Ḋia: ós ionat a ċuir mé mo ḋóċas.

2 A ṁʼanam, is é dúirt tú leis an Tiarna: is tú mo Ḋia, níl ní dá ḟeaḃas agam is fearr ná tú.

3 Ní ḃíonn dúil agam aċ sna naoiṁ, a ḃíos ar an talaṁ: agus sa dream is fearr suáilce.

4 Aċ an dream a ḃíos ag riṫ i ndiaiḋ Dé eile: is mór an buaireaṁ a ṫiocfas orṫu.

5 Ní ṫairgfiḋ mé íobairtí fuilteaċa mar ḋéanas siad: ní luafaiḋ mo ḃéal a n‑ainmneaċa.

6 Is é an Tiarna féin mo ċuid ranna, agus cuid mo ċailíse: cosnóiḋ tú féin mo ċeart.

7 Ṫit mo ċrannsa ar ḟearann fíorálainn: ṫit oiḋreaċt ṡárṁaiṫ orm.

8 Taḃarfaiḋ mé buíoċas don Tiarna go dtug sé raḃaḋ dom: bíonn mo ḋuáin ag cur smaċta orm san oíċe.

9 Ḃínn i gcónaí do mo ċur féin i láṫair Dé: bíonn sé ar mo láiṁ ḋeas, agus ní ṫitfiḋ mé dá ḃrí sin.

10 Mar sin bíonn lúċáir ar mo ċroí, agus áṫas ar mo ġlóir: agus beiḋ dóċas agam nuair a ṫéann mo ċolainn a luí.

11 Agus cad ċuige? Ar an áḃar naċ ḃfágfaiḋ tú mʼanam in ifreann: agus naċ ligfiḋ tú do do naoṁ an truailliú a ḟeiceáil.

12 Taispeánfaiḋ tú dom cosán na beaṫa: is lánsólás é aċ ḃeiṫ i do láṫair: agus is aoiḃneas síoraí a ḃeiṫ ar do láiṁ ḋeas.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ