Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 15 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 15. Domine, quis habitabit?

1 A Ṫiarna, cé a ċónós i do ṗailliún: nó cé a áiteos do ċnoc naofa?

2 An té sin, a ċaiṫeas beaṫa gan smál: agus a ḃíos ceart ina ġníoṁarṫa, agus a laḃraíos an ḟírinne óna ċroí.

3 An té naċ mbíoḋ cealg ina ṫeanga, agus naċ ndearna doċar dá ċoṁarsa: agus naċ ndearna iṫiomrá ar a ċoṁarsa.

4 An té naċ mbíonn mórċúiseaċ, aċ a ḃíos íseal ina ṡúile féin: agus a mbíonn mórṁeas aige ar luċt eaglaiṫe an Tiarna.

5 An té a ṁionnaíos dá ċoṁarsa, agus naċ gcliseann air: cé go mbeaḋ sé féin ṫíos leis.

6 An té naċ dtugaḋ a airgead ar úsaireaċt: agus naċ nglacfaḋ le breab in aġaiḋ an neaṁċiontaiġ.

7 An té ḋéanas aṁlaiḋ: ní ċuirfear dá ċosa é ċoíċe.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ