Psailm 149 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 149. Cantate Domino. 1 Canaigí don Tiarna aṁrán úrnua: molaḋ coṁṫionól na naoṁ é. 2 Bíoḋ a ċruṫaiṫeoir mar ċúis lúċáire ag Iosrael: agus a Rí mar áḃar áṫais ag clann Ṡíóin. 3 Molaidís a Ainm sa daṁsa: seinnidís a ṁolaḋ leis an gcruit agus leis an gcláirseaċ. 4 Óir bíonn dúil ag an Tiarna ina ṗobal: agus cuidíonn sé le luċt an ċroí ċeansa. 5 Bíoḋ gairdeas agus glóir ar na naoiṁ: bíoḋ lúċáir orṫu ina leapaċa. 6 Bíoḋ molaḋ Dé ina mbéal: agus claíoṁ an dá ḟaoḃar ina láṁa. 7 Le díoltas a imirt ar na págánaiġ: agus le aċasán a ṫaḃairt do na ciníoċa; 8 Lena ríṫe a ċeangal le slaḃraí: agus a uaisle le cuiḃreaċa iarainn; 9 Le breiṫiúnas a ċur i ḃfeiḋm orṫu, mar tá scríofa: Is é a ḃíos de onóir ag a naoiṁ go léir. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland