Psailm 148 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 148. Laudate Dominum. 1 Molaigí an Tiarna ó neaṁ: molaigí é in ard na spéire. 2 Molaigí é, a aingeala an Tiarna: molaḋ a ṡlua go huile é. 3 Molaigí é, a ġrian agus a ġealaċ: molaigí é, a réalta uile ʼs a ṡolais. 4 Molaigí é, a neaṁa uile: agus a uiscí a ḃíos os cionn na neaṁa; 5 Molaidís Ainm an Tiarna: óir ní ḋearna sé aċ an focal a rá, go ndearnaḋ iad; dʼordaiġ sé, agus cruṫaíoḋ iad. 6 Ḋaingniġ sé trí ṡaol na saol iad: ṫug sé dlí dóiḃ naċ sárófar. 7 Molaigí an Tiarna ón talaṁ: a ḋragúna, agus a ḋoiṁneaċta uile; 8 A ṫine agus a ċloċa sneaċta, a ṡneaċta agus a ċeo: a ġaoṫ agus a ḋoineann, a ċoṁlíonas a ḃriaṫar; 9 A ṡléiḃte agus a ċnoic uile: a ċranna toraiḋ agus a ċéadrais; 10 A ḃeiṫíġ agus a eallaiġ uile: a ċnuṁóga, agus a éin faoi ċleite. 11 A ríṫe an doṁain, agus a ḋaoine uile: a ḟlaṫa agus a ḃreiṫiúna na cruinne; 12 A ḟeara óga agus a ṁaiġdeana óga, a ḟeara liaṫa agus a leanaí, molaigí Ainm an Tiarna: óir ní feaḃas go dtí a Ainm, agus is airde a ṁolaḋ ná neaṁ agus talaṁ. 13 Ardóiḋ sé beann a ṗobail; beiḋ a naoiṁ go léir á ṁolaḋ: beiḋ sé á ṁolaḋ ag clann Iosrael, ag an bpobal a ḃíos ag déanaṁ a ṡeirḃíse. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland