Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 147 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 147. Laudate Dominum.

1 Molaigí an Tiarna, óir is maiṫ an ní é molaḋ ár nDé a ṡeinm: is áṫasaċ aoiḃinn an tréiṫ an buíoċas.

2 Tógann an Tiarna Iarúsalem: agus cruinníonn sé deoraiṫe Iosrael le ċéile.

3 Leiġeasann sé luċt an ċroí ḃriste: agus tugann sé cógaisí dóiḃ lena mbreoiteaċt a leiġeas.

4 Coṁaireann sé uiṁir na réalt: agus glaonn sé orṫu go léir ina n‑ainmneaċa.

5 Is mór ár nDia, agus is mór a ċuṁaċt: is ea, agus níl cuimse lena eagna.

6 Ardaíonn an Tiarna na daoine ceansa: agus tugann sé luċt an oilc ċun talaiṁ.

7 Canaigí don Tiarna le buíoċas: seinnigí molaḋ dár nDia ar an gcláirseaċ;

8 A ċuṁdaíos na neaṁa le néalta, agus a ullṁaíos an ḟearṫainn le haġaiḋ an talaiṁ: agus a ṫugann ar an ḃféar fás faoi na sléiḃte, agus na luiḃeanna as a mbaineann na daoine úsáid;

9 A ṫugann bia don eallaċ: agus a ḃeaṫaíos éin an ḟéiċ ḋuiḃ a ḃíos ag glaoċ air.

10 Ní ḃíonn dúil aige i neart an eiċ: ná ní haoiḃinn leis cosa an duine.

11 Aċ is iad is aoiḃinn leis an Tiarna, an dream a mbíonn a eagla orṫu: agus a ċuireas a ṁuinín ina ṫrócaire.

12 Mol an Tiarna, a Iarúsalem: mol do Ḋia, a Ṡíóin.

13 Óir ḋaingniġ sé sparraí do ġeataí: agus ḃeannaiġ sé do ċlann i do lár.

14 Déanann sé an tsíoċáin i do ċríoċa: agus líonann sé ṫú de ṁin ċruiṫneaċta.

15 Cuireann sé a aiṫne ar fuaid an talaiṁ: agus is lán lúfar a riṫeas a ḃriaṫar.

16 Tugann sé an sneaċta mar olann: agus scaipeann sé an siocán bán mar luaiṫe.

17 Caiṫeann sé amaċ a oiġreog mar ṁíreanna: cé a dʼḟéadfaḋ a ṡioc a ḟulaingt?

18 Caiṫeann sé amaċ a ḃriaṫar, go leánn sé iad: séideann sé lena ġaoṫ, agus bíonn na huiscí ag sileaḋ.

19 Noċt sé a ḃriaṫar do Iácób: a reaċta agus a orduiṫe dʼIosrael.

20 Ní ḋearna sé aṁlaiḋ leis an dara cine: ná ní ḃíonn fios a ḋlíṫe ag na págánaiġ.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ