Psailm 146 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 146. Lauda, anima mea. 1 Mol an Tiarna, a ṁʼanaṁ; ċoṁ fada agus mairim molfaiḋ mé an Tiarna: dá ḟad agus is ann dom seinnfiḋ mé molaḋ do mo Ḋia. 2 Ná cuir ḃur muinín i ḃflaṫa, ná in aon duine den Áḋaṁċlann: óir ní cuidiú a gcuidiúsan. 3 Óir nuair an ḟágas an anáil an duine bíonn sé ansin ag déanaṁ cré: agus téann a smaointe uile ar neaṁní. 4 Is beannaiṫe a mbíonn Dia Iácóib aige mar ċaḃair: agus a mbíonn dóċas aige as a Ṫiarna Dia. 5 A rinne neaṁ agus talaṁ, an ḟarraige, agus a ḃfuil inti: a ċoinníos a ġealltanas go deo. 6 A ṫugann a gceart don dream a ḟulaingíos an éagóir: a ṫugann bia don ocraċ. 7 Scaoileann an Tiarna na daoine as príosún: tugann an Tiarna an t‑aṁarc do na daill. 8 Cuidíonn an Tiarna leis an drong a ṫiteas: tugann an Tiarna aire do na fíréin. 9 Tugann an Tiarna aire do na coiṁṫíġ; cosnaíonn sé an dílleaċta agus an ḃaintreaċ: dála slí luċt na nduáilcí, iompaíonn sé bun os cionn í. 10 Is é do Ṫiarna Dia, a Ṡíóin, is Rí ann go deo: agus ó ġlúin go ċéile. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland