Psailm 145 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 145. Exaltabo te, Deus. 1 Móróiḋ mé ṫú, a Ḋia, a Rí: agus seinnfiḋ mé molaḋ dʼAinm go saol na saol. 2 Níl lá naċ dtaḃarfaiḋ mé buíoċas leat: agus seinnfiḋ mé molaḋ dʼAinm go saol na saol. 3 Is mór an Tiarna, agus is iontaċ mar is fiú molaḋ é: níl críoċ lena ṁórgaċt. 4 Beiḋ gaċ glúin ag molaḋ dʼoibreaċa dá ċéile: agus ag noċtaḋ do ċuṁaċta. 5 Agus beiḋ mise ag cur síos ar do ċlú: ar do ġlóir, agus ar do ṁolaḋ, agus ar dʼoibreaċa iontaċa. 6 Go raiḃ na daoine ag laḃairt ar ċuṁaċt do ġníoṁarṫa iontaċa: agus tráċtfaiḋ mise fós ar do ṁórgaċt. 7 Taispeánfar cuiṁneaċán do ċarṫanaċta líonṁaire: agus beiḋ na daoine fós ag canaḋ faoi dʼḟíréantaċt. 8 Is maiṫ agus is trócaireaċ an Tiarna: is fadḟoiġneaċ é agus is mór a ṁaiṫeas. 9 Bíonn an Tiarna gráṁar le gaċ duine: agus bíonn a ṫrócaire os cionn a oibreaċa uile. 10 Bíonn dʼoibreaċa uile do do ṁolaḋ, a Ṫiarna: agus bíonn do naoiṁ ag taḃairt buíoċais duit. 11 Taispeánann siad glóir do ríoċta: agus cuireann siad síos ar do ċuṁaċt; 12 Ionas go mbeiḋ a ḟios ag an saol: faoi do ċuṁaċt, agus faoi do ġlóir, agus faoi ṁórgaċt do ríoċta. 13 Is ríoċt ṡíoraí do ríoċtsa: agus maireann do ṫiarnas go saol na saol. 14 Tógann an Tiarna an dream a ṫiteas: agus ardaíonn sé an drong atá ina luí go híseal. 15 Níl súil naċ ḃfuil ag feiṫeaṁ ort, a Ṫiarna: agus is tráṫúil a ṫugann tú a mbia dóiḃ. 16 Osclaíonn tú do láṁ: agus níl ní dá maireann naċ líontar dedʼḟairsinge. 17 Is fíréanta é an Tiarna ina ṡlite uile: agus is naofa é ina oibreaċa go léir. 18 Is fogas an Tiarna don dream a ġlaos air: an ṁéid acu a ġlaos air go dlisteanaċ. 19 Sásóiḋ sé mian na droinge a mbíonn a eagla orṫu: taḃarfaiḋ sé cluas dá nglaoċ, agus taḃarfaiḋ sé cuidiú dóiḃ. 20 Cuṁdaíonn an Tiarna an dream a ġráíos é: aċ scaipeann sé an drong loċtaċ uaiḋ. 21 Beiḋ mo ḃéal ag seinm molta an Tiarna: agus tugaḋ gaċ feoil buíoċas dá Ainm naofa go saol na saol. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland