Psailm 144 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 144. Benedictus Dominus. 1 Go mba ḃeannaiṫe an Tiarna mo ċuṁaċt: a ṁúineas an cogaḋ do mo láṁa, aʼs an caṫ do mo ṁéara; 2 Mo ḋóċas agus mo ḋaingean, mo ċaisleán agus mʼḟuascailteoir, mo ċosantóir as a mbíonn mo ṁuinín: a smaċtaíos an ṁuintir atá faoi mo ċeannas. 3 A Ṫiarna, cad is duine ann, go mbeaḋ an meas sin agat air: nó mac an duine go dtaḃarfá oiread airde air? 4 Níl sa duine aċ neaṁní: scinneann a ṡeal ṫart mar scáil. 5 Claon do neaṁa, a Ṫiarna, agus tar anuas: cuimil leis na sléiḃte, agus beiḋ toit astu. 6 Caiṫ amaċ do splancaċa, agus réab iad: scaoil amaċ do ṡaiġeada, agus scrios iad. 7 Cuir anuas do láṁ ón airde: ḃí dom ḟuascailt, agus tóg mé amaċ as na huiscí móra, as láiṁ na gcoiṁṫíoċ; 8 Naċ laḃraíonn a mbéal aċ díoṁaointeas: agus ar láṁ ḋeas urċóide a láṁ ḋeassan. 9 Canfaiḋ mé aṁrán úrnua duit, a Ḋia: agus seinnfiḋ mé do ṁolaḋ ar liúit na ndeiċ téad. 10 Ṫug tú bua do na ríṫe: agus dʼḟuascail tú Dáiḃí do ṡeirḃíseaċ ó ḃaol an ċlaíṁ. 11 Bí do mo ṡaoraḋ agus dom ḟuascailt as láiṁ na gcoiṁṫíoċ: naċ laḃraíonn a mbéal aċ díoṁaointeas, agus ar láṁ ḋeas urċóide a láṁ ḋeas‑san. 12 Go ḃfása ár gclann ṁac aníos mar ġasa óga: agus go raiḃ ár gclann iníon mar ċúinní snasta an teampaill. 13 Go raiḃ ár n‑ioṫlanna ag cur ṫarstu le gaċ cineál stóir: agus go raiḃ ár gcaoiriġ ag breiṫ na mílte agus na ndeiċ mílte inár bpáirceanna. 14 Go raiḃ ár ndaiṁ go láidir ċun saoṫair, ionas naċ raiḃ meaṫ ann: ná imirce i mbraiġdeanas, ná ceasaċt faoinár sráideanna. 15 Is aoiḃinn don ṁuintir arḃ aṁlaiḋ a gcás: is aoiḃinn gan aṁras an ṁuintir a mbíonn an Tiarna acu mar Ḋia. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland