Psailm 143 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 143. Domine, exaudi. 1 Éist lem urnaí, a Ṫiarna, agus bíoḋ aird agat ar mʼaċainí: taḃair cluas dom as uċt dʼḟírinne agus as uċt dʼḟíréantaċta. 2 Agus ná téiġ i mbreiṫiúnas le do ṡeirḃíseaċ: óir níl duine beo a ḟíréanófar os do ċoṁair. 3 Óir ċuir an naṁaid géarleanúint ar mʼanam; ṫreascair sé mo ḃeaṫa ċun talaiṁ: dʼḟág sé mé i mo luí sa dorċadas, mar na daoine atá i ḃfad marḃ. 4 Dá ḃrí sin tá mo sprid i mo lár faoi ḃuaireaṁ: agus bíonn uaigneas ar an gcroí atá i mo ċliaḃ. 5 Ní lúide bím ag cuiṁneaṁ ar a ndeaċaiġ ṫarainn; bím ag maċnaṁ ar dʼoibreaċa uile: is deiṁin go mbím ag meaḃrú ar oibreaċa do láṁ. 6 Sínim ċugat mo láṁa: bíonn mʼanam mar ṫalaṁ ṫartṁar ag tnúṫ leat. 7 Éist liom, a Ṫiarna, go haiṫġearr, óir tá mo sprid á cloí: ná ceil do ġnúis orm, ar eagla go mbʼionann cás dom agus don dream a ṫéann síos sa ṗoll. 8 Bím ag cluinstin tráċt ar do ċarṫanaċt ġráċ go moċ ar maidin, óir is asat a ḃíos mo ṁuinín: déan eolas dom ar an slí inar ċóir dom siúl, óir is ċugat a ḃím ag ardúmʼanma. 9 Fuascail mé, a Ṫiarna, ó mo naiṁde: óir is ċugat a ṫeiṫim go ḃfolaí tú mé. 10 Múin dom déanaṁ mar ṫaitníos leat, óir is tú mo Ḋia: bíoḋ do sprid ġráċ do mo ṡeolaḋ amaċ i dtír na fíréantaċta. 11 Beoiġ mé, a Ṫiarna, as uċt dʼAinm: agus as uċt dʼḟíréantaċta taḃair mʼanam as a ḃuaireaṁ. 12 Agus tugaḋ do ṁaiṫeas ort mo naiṁde a ṁarú: agus luċt buarṫa mʼanma a scrios; óir is mé do ṡeirḃíseaċ. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland