Psailm 142 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 142. Voce mea ad Dominum. 1 Ġlaoiġ mé os ard ar an Tiarna: is ar an Tiarna a ċuir mé mʼaċainí. 2 Ḋoirt mé mo ġearáin roiṁe: agus noċt mé dó fáṫ mo ḃuarṫa. 3 Nuair a ḃí mo sprid faoi ṫuirse ḃí eolas mo ċosáin agat: sa tslí a ṡiúlainn ċuireadar dol roṁam os íseal. 4 Dʼaṁarc mé ar mo láiṁ ḋeas: agus ní raiḃ aon duine ann a ligfeaḋ air go raiḃ aiṫne aige orm. 5 Ní raiḃ bealaċ éalaiṫe agam: ná ní raiḃ duine ann ar ṁiste leis faoi mʼanam. 6 Ġlaoiġ mé ort, a Ṫiarna, agus dúirt mé: Is tú mo ḋóċas, agus mo ċuid ar ṫalaṁ na mbeo. 7 Taḃair aire do mo ġearán: óir is íseal a tugaḋ mé. 8 Fuascail mé ó luċt mo ġéarleanúna: óir is treise leo ná liom. 9 Taḃair mʼanam as an gcarcair, go dtuga mé buíoċas le dʼAinm: agus má ṫugann tú an t‑iarratas sin dom, beiḋ na fíréin ag iarraiḋ mo ċuideaċta. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland