Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 141 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 141. Domine, clamavi.

1 A Ṫiarna, is ort a ġlaoim, deifriġ ċugam: agus taḃair aire do mo ġlór nuair a ġlaoim ort.

2 Bíoḋ mʼurnaí á toirḃirt faoi do ṡúil mar an túis: agus bíoḋ ardú mo láṁ ina íobairt nóna.

3 Cuir faire, a Ṫiarna, ar mo ḃéal: coimeád coṁla mo ḃeola.

4 Nár claona mo ċroí ċun oilc ar biṫ: ná naċ raiḃ láṁ agam in oibreaċa míċráifeaċta i gcuideaċta luċt cleaċtaiṫe na hurċóide, ná naċ raiḃ a dtaitníonn leo á iṫe agam.

5 Aċ buaileaḋ an fíréan buille carad orm: agus tugaḋ sé aċasán dom.

6 Nár ḋiúltaí mo ċeann a n‑íocṡláinte ṁór luaċṁar: aċ dála luċt an oilc, beiḋ mé ag síorġuí in aġaiḋ a n‑urċóide.

7 Go raiḃ a mbreiṫiúna á gcaiṫeaṁ anuas sa ċreagán: ionas go gcluine siad mo ḃriaṫra, ós binn iad.

8 Tá ár gcnáṁa ina luí scapṫa faoi ḃéal an ṗoill: mar aḋmad á scoilt agus á ṡnoí ar an talaṁ.

9 Aċ is leat a ḃíos mo ṡúil, a Ṫiarna Dia: is asat a ḃíos mo ṁuinín, ná caiṫ mʼanam uait.

10 Bí do mo ċosaint ar an dol atá curṫa acu roṁam: agus ar líonta luċt na míġníoṁarṫa.

11 Titeaḋ an drong loċtaċ ina líonta féin go huile: aċ bí do mo ṫaḃairt slán astu uile.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ