Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 140 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 140. Eripe me, Domine.

1 Fuascail mé, a Ṫiarna, ó ḟear an oilc: agus cosain mé ó ḟear na nduáilcí.

2 A ċumas urċóid ina gcroí: agus a ċuireas iaróg ina suí dá mbʼḟada an lá.

3 Bíonn a dteanga bearrṫa acu mar ṫeanga péiste: bíonn niṁ na naṫraċ niṁe faoina mbéal.

4 Bí do mo ċuṁdaċ, a Ṫiarna, ó láṁa luċt an oilc: cosain mé ó luċt na nduáilcí, ar rún leo cos i bpoll a ċur liom.

5 Ċuir drong an díomais dol roṁam, agus spréadar amaċ líon faoi ṫéada: agus ċuireadar fós gaistí i mo ṡlí.

6 Is é dúirt mé leis an Tiarna, Is tú mo Ḋia: éist le glór mʼurnaiṫe, a Ṫiarna.

7 A Ṫiarna Dia, a ċuṁaċt mo ṡlánaiṫe: is tú a ċuṁdaiġ mo ċeann i lá an ċaṫa.

8 Nár ḟaiġe fear an oilc a ṁian, a Ṫiarna: nár éirí lena ḋroċrún ṁailíseaċ, ionas naċ séidtear iad le huaḃar.

9 Titeaḋ mailís a mbéal féin ina mullaċ féin: ar an dream a ḃíos do mo ṫimpeallú.

10 Titeaḋ aiḃleoga dearga dóite orṫu: teilgtear iad amaċ sa tine, agus sa ṗoll, ionas naċ n‑éirí siad arís.

11 Ní ḃeiḋ séan sa saol ar ḋuine ḃéalscaoilte: seilgfiḋ an t‑olc an duine urċóideaċ go dtuga sé anuas é.

12 Níl aṁras orm naċ ndíoġalfaiḋ an Tiarna na boċta: agus naċ bpléifiḋ sé cúis na n‑éidreoraċ.

13 Taḃarfaiḋ an fíréan fós buíoċas le dʼAinm: agus beiḋ an duine cóir go buan faoi aṁarc do ṡúl.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ