Psailm 14 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 14. Dixit insipiens. 1 Is é dúirt an t‑amadán ina ċroí: níl aon Dia ann. 2 Tá siad truailliṫe, dʼéiriġ a ngníoṁarṫa gráiniúil: níl aon duine a ḋéanas an ṁaiṫ, níl fiú aon duine aṁáin. 3 Dʼaṁarc an Tiarna anuas ó neaṁ ar ċlann Áḋaiṁ: go ḃfeicfeaḋ sé an mbeaḋ tuiscint ag aon duine, an iarrfaḋ sé Dia. 4 Aċ ċuadar uile as an slí, dʼéiríodar gráiniúil ar fad: níl aon duine ann a ḋéanas an ṁaiṫ, níl fiú aon duine aṁáin. 5 Naċ ḃfuil fios aon ní acu, a ḃfuil an droċḟuadar seo fúṫu: ag iṫe mo ṁuintire mar dʼíosfaidís arán, agus gan ġlaoċ ar an Tiarna? 6 Ṫáinig mór‑eagla orṫu, agus gan áḃar eagla ann: óir bíonn Dia i measc aicme na ḃfíréan. 7 Ċuaiġ siḃse ag magaḋ faoin gcoṁairle a ḃíos ag an mboċtán: de ḃrí go gcuireann sé a ṁuinín sa Tiarna. 8 Is í mo ġuí go mbronntar an slánú ar Iosrael as Síón amaċ: nuair a ḟuasclaíos an Tiarna a ṁuintir as broid, 9 Sin an uair a ndéanfaiḋ Iácób lúċáir: agus a mbeiḋ móráṫas ar Iosrael. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland