Psailm 139 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 139. Domine, probasti. 1 A Ṫiarna, is tú a ṫoṁais mé agus a ċuir eolas orm: is feasaċ duit mo ṡuí agus mʼéirí; tuigeann tú mo smaointe i ḃfad roiṁ ré. 2 Bíonn tú i dtimpeall mo ċosáin, agus i dtimpeall mo leapa: agus breaṫnaíonn tú mo ṡlite go huile. 3 Óir níl focal dá mbíonn ar mo ṫeanga: naċ feasaċ duit é ar fad, a Ṫiarna. 4 Ḋruid tú a ḃfuil i mo ḋiaiḋ agus roṁam: agus leag tú do láṁ orm. 5 Is mór liom feaḃas agus oirirceas an eolais sin: téann sé ar fad ṫar mʼacṁainn. 6 Cá raċaiḋ mé mar sin ó do spiorad: nó cá n‑imeoiḋ mé ó ḃeiṫ i do láṫair? 7 Má ṫéim suas ċun neiṁe, bíonn tú ansin roṁam: má ṫéim síos go hifreann, bíonn tú roṁam ansin fós. 8 Má ċuirim orm sciaṫáin na maidine: agus fanaċt sa ċearn is faide den ḟarraige; 9 San áit sin féin beiḋ do láṁ do mo ṡeolaḋ: agus greim ag do láiṁ ḋeas orm. 10 Má deirim, bʼḟéidir go ḃfolóiḋ an dorċadas mé: aṫrófar ansin oíċe ina lá. 11 Is ea, ní dorċa leat an dorċadas, aċ bíonn an oíċe ċoṁ soiléir leis an lá: is cuma leat cé acu ina ḋorċadas nó ina ṡolas é. 12 Óir is leat mo ḋuáin: is tú a ċuṁdaiġ mé i mbroinn mo ṁáṫar. 13 Is leat a ṫaḃarfaiḋ mé buíoċas, mar is uafásaċ, iontaċ mar a rinneaḋ mé: is míorúilteaċ dʼoibreaċa, agus tá a ṡárḟios sin ag mʼanamsa. 14 Níor ceileaḋ ort mo ċnáṁa: nuair a ḃítí do mo ḋéanaṁ os íseal, agus nuair a ḋéantaí mé in íoċtar an talaiṁ. 15 Ċonaic do ṡúile mo ṁeall faoi anċuma: agus scríoḃaḋ mo ḃaill uile i do leaḃar. 16 A ḃíoḋ á ndéanaṁ ó lá go lá: sular ṫáinig ann dóiḃ. 17 Naċ mór liom do ċoṁairlí, a Ḋia: naċ áiḃéil a méid! 18 Má ṫéim á gcoṁaireaṁ, ní lia gaineaṁ na trá ná iad: nuair a ḋúisím, bím i do láṫair. 19 Naċ maróiḋ tú luċt an oilc, a Ḋia: imigí uaim, a luċt na fionaíle. 20 Óir cuireann siad míċlú ort: agus tugann do naiṁde dʼAinm gan fáṫ. 21 Naċ mbíonn fuaṫ agam, a Ṫiarna, don dream a ṫug fuaṫ duit: agus naċ mbíonn olc agam don luċt a ċuireas id aġaiḋ? 22 Is dóiḃ a ṫug mé an duḃḟuaṫ: is é fuaṫ na naiṁde atá agam dóiḃ. 23 Féaċ mé, a Ḋia, agus breaṫnaiġ an mianaċ atá i mo ċroí: proṁaiġ mé, agus scrúdaiġ mo smaointe. 24 Aṁarc an ḃfuil aon tsliṫeantaċt ionam: agus bí do mo ṡeolaḋ ar ṡlí na síoraíoċta. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland