Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 137 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 137. Super flumina.

1 Ar ḃruaċ aiḃneaċa Ḃaibilóin ṡuíomar síos agus ċaoineamar: nuair a ċuiṁníomar ort, a Ṡíóin.

2 Dála ár gcláirseaċ, ċroċamar iad: ar na crainn atá ansin.

3 Óir dʼiarr an drong a ṫug i mbroid sinn aṁráin agus seinm ceoil orainn, agus sinn go tromċroíoċ: Canaigí dúinn aṁrán de ċuid Ṡíóin.

4 Conas a ċanfaimid aṁrán an Tiarna: ar ṫalaṁ ċoiṁṫíoċ?

5 Má ḋéanaim dearmad ort, a Iarúsalem: déanaḋ mo ḋeasláṁ dearmad dá clisteaċt.

6 Mura gcuiṁním ort, ceanglaḋ mo ṫeanga de mo ċarball: gan aṁras, murab é Iarúsalem is ansa liom in am mo lúċáire.

7 Cuiṁniġ ar ċlann Édoim, a Ṫiarna, lá Iarúsalem: mar a dúradar, Leagaigí é, leagaigí é go lár agus go lántalaṁ.

8 A iníon Ḃaibilóin, beiḋ tú do do ṡnoí le hainnise: agus is aoiḃinn don té a ḋéanfas leat mar rinne tú linn.

9 Is beannaiṫe a ḟaiġeann greim ar do ċlann: agus a gcaiṫeaṁ in éadan na gcloċ.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ