Psailm 136 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 136. Confitemini. 1 Tugaigí buíoċas leis an Tiarna, óir is maiṫ é: agus maireann a ṫrócaire go síoraí. 2 Tugaigí buíoċas le Dia na ndéiṫe: óir maireann a ṫrócaire go síoraí. 3 Altaígí do Ṫiarna na dtiarnaí: óir maireann a ṫrócaire go síoraí. 4 Naċ mbíonn aċ é ag déanaṁ na móriontas: óir maireann a ṫrócaire go síoraí. 5 A rinne na neaṁa le feaḃas a eagna: óir maireann a ṫrócaire go síoraí. 6 A leaṫnaiġ an talaṁ os cionn na n‑uiscí: óir maireann a ṫrócaire go síoraí. 7 A rinne na soilse móra: óir maireann a ṫrócaire go síoraí. 8 An ġrian le ḃeiṫ ina rí ar an lá: óir maireann a ṫrócaire go síoraí. 9 An ġealaċ agus na réalta le ḃeiṫ i gceannas na hoíċe: óir maireann a ṫrócaire go síoraí. 10 A ḃuail an Éigipt faoina gcéadġin: óir maireann a ṫrócaire go síoraí. 11 Agus a ṫug clann Iosrael ó ḃeiṫ ina measc: óir maireann a ṫrócaire go síoraí. 12 Le láiṁ ċuṁaċtaċ, agus le géag ṡínte: óir maireann a ṫrócaire go síoraí. 13 A rinne ḋá leaṫ den Ṁuir Rua: óir maireann a ṫrócaire go síoraí. 14 Agus a ṫug ar Iosrael siúl trína lár: óir maireann a ṫrócaire go síoraí. 15 Aċ dála Ṗáraó agus a ṡluaite, ṫug sé anuas iad sa Ṁuir Rua: óir maireann a ṫrócaire go síoraí. 16 A ṡeol a ṗobal tríd an ḃfásaċ: óir maireann a ṫrócaire go síoraí. 17 A ḃuail na ríṫe móra: óir maireann a ṫrócaire go síoraí; 18 Agus a ṁaraiġ go deiṁin na ríṫe cuṁaċtaċa: óir maireann a ṫrócaire go síoraí; 19 Síhon rí na nAmoríteaċ: óir maireann a ṫrócaire go síoraí; 20 Agus Og rí Ḃásáin: óir maireann a ṫrócaire go síoraí; 21 Agus a ṫug a dtalaṁ mar oiḋreaċt: óir maireann a ṫrócaire go síoraí; 22 Mar oiḋreaċt dʼIosrael, a ṡeirḃíseaċ: óir maireann a ṫrócaire go síoraí. 23 A ċuiṁniġ orainn inár mbuaireaṁ: óir maireann a ṫrócaire go síoraí; 24 Agus a dʼḟuascail sinn ónár naiṁde: óir maireann a ṫrócaire go síoraí. 25 A ṫugann bia do gaċ feoil: óir maireann a ṫrócaire go síoraí. 26 Tugaigí buíoċas le Dia neiṁe: óir maireann a ṫrócaire go síoraí. 27 Tugaigí buíoċas le Tiarna na dtiarnaí: óir maireann a ṫrócaire go síoraí. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland